
Is í an teanga Ghaeilge teanga dhúchais na hÉireann. Tá sí ar cheann de na teangacha is sine san Eoraip agus traidisiún liteartha aici atá ionchurtha le haon cheann ar domhan. Ar nós a lán de theangacha an domhain tháinig an Ghaeilge faoi bhrú le hionghabháil an oileáin 800 bliain ó shin. Ón am sin, dearadh dlíthe, beartais gheilleagracha agus pholaitiúla agus reiligiúnacha leis an teanga a mhilleadh gan stad, agus rinne gorta, galar agus eisimirce tuilleadh áir ar an phobal dúchasach teanga.
Faoi dheireadh an 19ú haois bhí gluaiseacht úr athbheochana faoi lánseol agus a lán daoine de chúlraí éagsúla ag seasamh le chéile leis an teanga a chosaint agus a athbheo. Tá an obair seo ar siúl le breis agus céad bliain agus cé gur éirigh léi cainteoirí Gaeilge a choinneáil níor éirigh léi an Ghaeilge a athbheo ina teanga pobail.
D’athraigh gach rud le teacht an Ghaeloideachais sna 60aidí malla agus go luath sna 70aidí nuair a thosaigh grúpaí tuismitheoirí a theacht le chéile i bpobail áitiúla ar fud na hÉireann le Gaelscoileanna a bhunú.
A luaithe a fuarthas eolas orthu, chuir na Gaelscoileanna úra seo tús le réabhlóid in athbheochan na Gaeilge nó bhí an Ghaeilge anois ábhartha sa phobal mar fhíortheanga bheo, rud nárbh amhlaidh le blianta fada. Ní raibh an Ghaeilge a thuilleadh ina rud a thiocfadh le daoine a fhoghlaim ar chúl halla an tsráidbhaile nó ina ábhar acadúil staidéir ar scoil nó ar ollscoil. Chuir na scoileanna úra seo ar fáil áit a dtiocfadh Gaeilge a labhairt i gcónaí, i measc foirne agus páistí. I nGaelscoileanna ní hea go bhfoghaimíonn daoine Gaeilge ach go ngabhann siad í. Faigheann páistí an teanga trí eispéiris laethúla agus tá béim sna scoileanna seo ar úsáid na Gaeilge mar ghléas fíorchumarsáide lánbhrí. Is minic tuismitheoirí, nach mbíonn Gaeilge acu den chuid is mó, ina bpáirtithe tábhachtacha i gcaidreamh trí bhealach idir scoil, teaghlach agus pobal. Is é an pháirt s’acu toiliú, tacú agus spreagadh in eispéireas saibhir oideachasúil an pháiste.
I mbeagán focal, féadann an scoil agus imeachtaí pobail cuid mhór de na deiseanna forbartha teangeolaíocha agus pearsanta a sholáthar, ach cuireann na tuismitheoirí ar fáil an dearbhú, an tacú agus an spreagadh. Trí bheagán focal rialta, "maidin mhaith", mar shampla, "tráthnóna maith", "Dia duit" agus "slán" a rá gach lá, chomh maith le labhairt leis an pháiste faoi shaol na scoile, tugann an tuismitheoir don pháiste fíor-inspreagadh síceolaíoch chun leanúint le húsáid na teanga i réimse áiteanna is leithne agus le bheith ina gcainteoirí gníomhacha.
Tugann an Gaeloideachas deis seasaimh don teanga. Tá buíonta iomlána páistí san aon aoisghrúpa ag fás ina gcainteoirí gníomhacha. Is mór idir seo agus na seanlaethanta nuair a d’fhoghlaim céatadán beag daoine an teanga i ranganna. Agus iad siúd a d’fhoghlaim í ba bheag deis a bhí acu an teanga a labhairt nó ba bheag duine eile a bhí in ann í a labhairt.
Ní hé an Gaeloideachas ceann scríbe bhóthar na hathbheochana ach i ndiaidh na gcéadta bliain den dul ar gcúl is é an chéad fhíorchéim amach é ar bhóthar fada ach fiúntach a thabharfadh ar ais dúinn ár nglór dúchais féin.
Tá a lán le déanamh agus a lán pobal ann nach bhfuil teacht go fóill acu ar an chineál seo oideachais, agus sin an fáth a bhfuil Iontaobhas na Gaelscolaíochta leagtha ar mhaoiniú na hearnála fad an bhóthair a thabharfas muid a fhad le pobal muiníneach dátheangach a bhfuil súil amach acu agus ar mór acu luach an tsaibhris arb é an teanga Ghaeilge é, ina saol agus i saol a gclainne.
![]()
Cóipcheart 2007 © Iontaobhas na Gaelscolaíochta | Gach Ceart ar Cosaint