
Is d’aicme an Tumoideachais é an Gaeloideachas (GO) mar a dteagasctar gach ábhar do na páistí uile trí mheán na Gaeilge. Ag deireadh a gcuid scolaíochta bíonn na páistí dátheangach. Is iomaí sochar atá le bheith dátheangach.
Forbraíonn an dátheangachas an inchinn ar dhóigh eile, spreagann sé níos mó solúbthacht intinne, cruthaitheachta agus úrmhaireachta smaointe. Beidh de chumas i bpáistí dátheangacha breathnú ar aon fhadhb, mór nó beag, ó léargais éagsúla. Bheadh ilchiallanna le focail; ilfhuascailtí le fadhbanna; cásanna le feiceáil ó iltreonna. Nuair a smaoiníonn páistí i dá dteanga, is furasta a shamhlóidh siad níos mó ná dóigh amháin lena gcuspóirí a bhaint amach agus níos mó ná dóigh amháin le tabhairt faoi aincheist chasta.
Iad siúd a labhraíonn, a léann agus a scríobhann i dhá dteanga:
• Beidh siad níos oscailte i ndearcadh do chultúir eile
• Beidh scileanna fadhbfhuascailte níos láidre acu
• Beidh forbairt chognaíoch mhéadaithe acu
• Léireoidh siad cruthaitheacht níos mó: smaoineoidh siad taobh amach den bhosca
• Foghlaimeoidh siad níos éasca an tríú nó an ceathrú teanga
• Cuimseoidh siad difríochtaí i ndaoine
• Cuardóidh siad go gníomhach cairdis ilchultúrtha.
![]()
Cóipcheart 2007 © Iontaobhas na Gaelscolaíochta | Gach Ceart ar Cosaint