
Gaelscolaíocht Éireann (GSÉ) is togra úr í a bunaíodh mí Lúnasa 2006, le maoiniú ón Aontas Eorpach, le comhoibriú earnála poiblí trasteorann agus soláthar seirbhíse i sprioc-cheantair na sé chontae cois teorann agus na sé chontae i dtuaiscearet na hÉireann a fheabhsú. Aithníonn GSÉ na comhthéacsanna difriúla beartais sa Ghaeloideachas ar dhá thaobh na teorann.
Féachann an togra seo leis na heochairchomhlachtaí ionadaíocha ar a bhfuil freagracht as Ciste Iontaobhais an Ghaeloideachais a thabhairt le chéile:
Fuair an togra maoiniú faoi Chomhlacht Speisialta Cláreagraithe an Aontais Eorpaigh (CSCAE) Beart 5.2 Feabhsú Chomhoibriú na hEarnála Poiblí Trasteorann. Feidhmeoidh sé mar Choiste Stiúrtha trasteorann le hionadaithe ó na heochaireagrais ar a bhfuil freagrachtaí as Ciste Iontaobhais an Ghaeloideachais. Tionóilfidh sé fosta Fóram trasteorann do na heagrais uile a bhaineann le Ciste Iontaobhais an Ghaeloideachais le malartú méadaithe eolais trasteorann ar dhea-samhlacha cleachtais a spreagadh.
Is iad príomhlimistéir oibre an Choiste Stiúrtha, díriú ar thaiscéaladh sochar forbartha comhthograí ar leibhéal roinne, aithint agus leathadh samplaí dea-chleachtais ar fud na tíre, agus aimsiú nuamhodhanna a mheallfadh tuilleadh acmhainní isteach san earnáil.
Beidh ionadaithe ag an Choiste Stiúrtha ó Chomhairle na Gaelscolaíochta (príomhpháirtí), Gaelscoileanna (príomhpháirtí), Iontaobhas na Gaelscolaíochta (príomhpháirtí), Forbairt Naíonraí Teo, Foras na Gaeilge, Roinn Oideachais Thuaisceart na hÉireann (ROTÉ) agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Comhairle na Gaelscolaíochta (www.comhairle.org), bhunaigh an Roinn Oideachais (TÉ) í de bharr gealltanas a tugadh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta leis an teanga Ghaeilge agus an Gaeloideachais a chur chun cinn. Tá sí suite i mBéal Feirste agus is é a sainchúram freastal ar shé chontae thuaisceart na hÉireann. Is iad a haidhmeanna:
Iontaobhas na Gaelscolaíochta (www.iontaobhasnag.com), in 2001 a bhunaigh an Roinn Oideachais (TÉ) é de bharr gealltanas a tugadh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta leis an teanga Ghaeilge agus an Gaeloideachais a chur chun cinn. Is é a sainchúram tacaíocht airgeadais agus theicniúil a sholáthar d’fhorbairt Chiste Iontaobhais an Ghaeloideachais agus do thograí nach bhfuil i dteideal mhaoiniú phríomhshrutha rialtais. Oibríonn sé i gcomhar le Comhairle na Gaelscolaíochta i bhfeidhmiú Phlean Forbartha don earnáil.
Gaelscoileanna (www.gaelscoileanna.ie), i 1973 a bunaíodh é ó choistí scoileanna Chiste Iontaobhais an Ghaeloideachais. Ó 1978 tá lántacaíocht mhaoiniu rialtais aige. I mBaile Átha Cliath atá sé suite ach is é a shainchúram freastal ar shé chontae is fiche Phoblacht na hÉireann. Seo thíos a aidhmeanna:
Forbairt Naíonraí Teo (www.naionraí.ie), is eagras deonach uile-Éireann é a thacaíonn le cothú sheirbhísí oideachais agus cúraim i nGaeilge do pháistí ó bhreith. In 2003 a bunaíodh é agus tá sé á rialú ag Coinbhinsiún na NA ar Chearta an Pháiste, an Acht Cúram Leanaí 1991 agus na Rialacháin Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) 1996. Tá ionadaíocht ag na grúpaí a leanas ar Bhord na Stiúrthóirí: Altram, Comhairle na Gaelscolaíochta, Foras na Gaeilge, Gaeloiliúint, Na Naíonraí Gaelacha agus Údarás na Gaeltachta. Faigheann Forbairt Naíonraí Teo. deontas i gcabhair ó Fhoras na Gaeilge agus ón Roinn Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí. Cuireann sé ar fáil tacaíocht leis na seirbhísí a leanas a bhunú, a fhorbairt agus a riar tríd an Ghaeilge: naíolanna, naíonraí, seirbhísí iarscoile, campaí samhraidh agus grúpaí tuismitheoir/caomhnóir agus tachrán. Tá comhairle agus cuidiú ar fáil do dhaoine aonair agus do ghrúpaí atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid le páistí.
Foras na Gaeilge (www.forasnagaeilge.ie), i 1999 a bunaíodh é agus is é an comhlacht é atá freagrach as cur chun cinn na teanga Gaeilge ar fud oileán iomlán na hÉireann.
Oibríonn sé chun:
I mí Meán Fómhair 2006 bhí breis agus 400 scoil ag soláthar oideachais agus foghlama luathbhlianta do 34,500 páiste, taobh amuigh de cheantair na Gaeltachta. Cuirfear an togra seo i gcrích i gcomhthéacs fhorbairtí úra beartaithe scoile i gceantair na teorann agus sna sé chontae. I dtuaisceart na hÉireann tá beartaithe 21 naíscoil, 5 bhunscoil agus 3 mheánscoil a oscailt sa tréimhse 2006-2009.
D’aithin Plean Corparáideach Ghaelscoileanna do Phoblacht na hÉireann go bhfuil riachtanas le pleanáil i gcomhair 18 naíscoil, 13 bunscoil agus 6 mheánscoil i sé chontae na teorann.
Ceiliúrann pobal aitheantas Rialtais do bhunscoil úr
Aitheanta ag an Roinn Oideachais Meán Fómhair 2006, tugann Gaelscoil na Speiríní Ciste Iontaobhais an Ghaeloideachais go Tuaisceart Chontae Dhoire. Bhí páirt lárnach ag an Iontaobhas i gcothú na scoile le linn na drochuaire, mar a mhínigh cathaoirleach an Choiste, Frances Corey,
“Murb é an tIontaobhas ní bheadh an scoil seo ann. Ba chara dúinn agus buantaca iad, i dtaca le hairgead agus deireadh. Thug siad thar an líne muid go bhfuair muid aitheantas agus tá bonn níos daingne ná riamh roimhe faoin scoil anois. 18 páiste atá sa Ghaelscoil agus feabhas ag teacht ar chúrsaí i rith an ama. Agus is breá an faoiseamh ar chruinniú an airgid!’’
