
![]()
Teanga na hÉireann a thugtar ar an Ghaeilge mar a labhraítear í ar oileán na hÉireann. Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha beo is sine san Eoraip. Téann na taifid scríofa siar go dtí an tréimse luath Chríostaí nuair ba mhinic an Laidin ina gnáthmheán scríofa. In amanna, chuireadh na scríobhaithe Gaeilge anótáil nó ‘gluais’ ar imeall lámhscríbhinní, agus is ó na gluaiseanna sin a tháinig a lán dár n-eolas ar an ‘tSean-Ghaeilge’. Cineál eile luathscríbhneoireachta ba ea 'Ogham', ina mbíodh cód stríoc agus ponc ag déanamh áit na litreacha, a bhíodh greanta de ghnáth ar imeall cloch ingearach. Tá na céadta 'Cloch Oghaim' go fóill ann agus de ghnáth is ainm duine a bhíonn orthu, mar chuimhneachán is dócha. Tógadh in amanna iad in ómós taoisigh nó laoich a fuair bás.
Faoin Mheánaois ba í an Ghaeilge ní amháin teanga na hÉireann ach teanga Oileán Mhanann agus an chuid ba mhó d’Albain.
Faoi lár an dóú haois déag tugadh isteach oird nua chrábhaidh ón Mhór-roinn agus forbraíodh scoileanna tuata. Le himeacht ama d’fhorbair na scoileanna tuata seo nuachaighdeán liteartha taobh leis an teanga labhartha chomhaimseartha agus faoi dheireadh an dóú haois déag, bhí an caighdeán seo á chleachtadh ar fud domhan na Gaeilge. Mar sin a thosaigh tréimhse na Nua-Ghaeilge Moiche, ré shuntasach i mbeatha na teanga, a mhair a bheag nó a mhór ó 1200 go 1650. Nua-Ghaeilge Chlasaiceach de ghnáth a thugtar anois ar an Nua-Ghaeilge Mhoch, ach is minic a bhíonn an dá théarma Nua-Ghaeilge Mhoch agus Nua-Ghaeilge Chlasaiceach inmhalartaithe.
Bhí na hAngla-Normannaigh ag tosú a lonnú in Albain go mall san aonú haois déag, agus in Éirinn sna deichniúir dheireanacha den dóú haois déag. Ainneoin gur eascair ilghnéitheacht mhéadaithe teanga as na lonnaíochtaí Angla-Normannacha in Éirinn, mhair an Ghaeilge ina teanga cheannasach agus de réir a chéile, ionghabhadh teangaphobail eile. Ainneoin dlíthe a choisc úsáid na Gaeilge le gaelú na nAngla-Normannach a stad, chomh fada siar le Reachta Chill Chainnigh in 1367, faoi thus an tséú haois déag, ba Ghaeilgeoirí arís iad bunús mhuintir na hÉireann.
Samplaí den tionchar Angla-Normannach ar an Ghaeilge iad na focail ‘giúistís’ agus ‘bardas’.
Ach bhí gá le Béarla i ngnó riaracháin agus dlí. Mar sin de, ní dhearnadh teanga riaracháin riamh den Ghaeilge. Bhí d’éifeacht charnach le gabháltais na dTúdarach agus na Stíobhartach (1534–1610), agus na lonnaíochtaí Cromalacha (1654), agus Cogadh an Dá Rí (1689–91), agus ina ndiaidh sin achtú na bPéindlíthe (1695), gur cuireadh deireadh leis na haicmí ceannais Gaeilge agus gur milleadh a bhforais chultúrtha. Baineadh an bonn sa deireadh agus go do-athraithe de ghradam na Gaeilge mar mhórtheanga. Bhí an Ghaeilge ina teanga labhartha i gcónaí ag bunús mhuintir na tuaithe, agus ar feadh tamaill, ag bunús na n-aicmí seirbhíse sna bailte.
De réir mar a maolaíodh ar na Péindlíthe agus a d’éirigh an ghluaiseacht shóisialta agus eacnamaíoch ní b’ éasca ag dúchasaigh na hÉireann, ghlac na baill ba rathúla de phobal na Gaeilge an Béarla chucu féin, agus threisigh an Gorta Mór (1846–1848) leis an fhéinimean seo. Ba chosúil an Ghaeilge bheith i mbeal báis, ach chuir feachtas fuinniúil athbheochana cor sa chinniúint sin.
Chomh fada siar le deireadh an ochtú haois déag bhí suim acadúil á cur i dteanga agus i litríocht na Gaeilge i measc an Chinsil Angla-Éireannaigh. As an tsuim liteartha tháinig ní ba mhoille, imní faoi bheatha na Gaeilge nó ba léir í bheith ag síordhul i léig tríd an naoú haois déag.
Thomas Davis, in 1843, an chéad duine a d’fhógair go poiblí gurbh í an Ghaeilge teanga na hÉireann.
Cumann Buanchoimeádtha na Gaedhilge, a bunaíodh in 1876, d’éirigh leis aitheantas a bhaint amach don Ghaeilge ar gach leibhéal sa chóras oideachais, ó bhunscoil go hollscoil. Dúbhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill agus a lán eile a bhunaigh Conradh na Gaeilge in 1893, agus rinne siad mórghluaiseacht den tacaíocht don Ghaeilge. As seo tháinig ar a sheal nualeasuithe sa litriú agus sa ghramadach scríofa. Cuireadh cruth críochnúil ar na leasuithe seo i gCaighdeán Oifigiúil a d’fhoilsigh Rialtas na hÉireann i 1958.
Ainneoin gach díchill agus spéise, lean meath na Gaeilge. Lean, ar an ábhar nár aithin daoine nár leor bheith toilteanach an teanga a labhairt.
Caithfear athbhreith pobail láidir teanga a chothú ar bhealach teanglárnaithe a ligeann d’aimsiú na teanga bheith nádúrtha agus taitneamhach. Baineann Gaelscolaíocht agus Gaelscoileanna amach an méid sin.
Ní haon taisme é gur tháinig borradh mór faoi fhorbairt Gaelscoileanna le tríocha bliain anuas, atá le feiceáil sa dóigh ar fhás bród sa teanga Ghaeilge.
![]()
Cóipcheart 2007 © Iontaobhas na Gaelscolaíochta | Gach Ceart ar Cosaint