
Le bunú na chéad scoile neamhspleáiche i mBéal Feirste i 1971, a cuireadh ceann ar an Ghaeloideachas i dTuaisceart na hÉireann. D’fhás earnáil mheán na Gaeilge ón chéad iontógáil naonúir i 1971 go breis agus 4000 don scoilbhliain 2006–7.
Nuair a cuireadh suas Tuaisceart na hÉireann i 1921 bhí doicheall sa rialtas Aontachtach nua roimh úsáid na Gaeilge sa chóras oideachais. Le linn na 1920idí agus na 1930aidí leag sé srianta ar theagasc na Gaeilge i mbunscoileanna agus dhiúltaigh sé tacú le hoiliúint mhúinteoirí. I 1949 choisc sé úsáid sráidainmneacha Gaeilge, cosc nár cealaíodh ach le déanaí.
Ainneoin easpa thacaíocht rialtais, ábhartha nó eile, lean pobal na teanga d’eagrú ranganna Gaeilge d’aosaigh, scéimeanna samhraidh do pháistí scoile agus chúrsaí samhraidh d’fhoghlaimeoirí i gceantair Ghaeltachta Thír Chonaill.
Ach ainneoin gur choinnigh na ranganna agus na cúrsaí an teanga beo ní thiocfadh leo agus níor éirigh leo cúl a chur ar mheath na teanga. I mbeagán focal, ní raibh aon dóigh inmharthana ann a dtiocfadh le líon mór daoine an teanga a fhoghlaim agus mar sin, níorbh fhéidir go n-éireodh deis choíche go mbainfeadh an Ghaelge a háit amach athuair mar theanga pobail á labhairt gach uile lá.
Nuair a osclaíodh an chéad Ghaelscoil i 1971 thug acmhainneacht athbheochana na bpobal Gaeilge céim ollmhór chun tosaigh. Rinne an scoil seo freastal ar phobal beag Gaeilgeoirí i nua-Ghaeltacht iarthar Bhéal Feirste. Ní bhfuair an scoil maoiniú Rialtais agus bhí sí neamhspleách ar údarais oideachais agus eaglaise araon. Bhí caidreamh crua imníoch aici leis an Roinn Oideachais agus bhagair an Roinn an scoil a dhruidim agus caingean dlí. Ní bhíodh ag freastal ar an scoil ar dtús ach páistí ó theaghlaigh Ghaeilge. Níos moille anonn cuimsíodh páistí ó theaghlaigh gan Ghaeilge san iontógáil agus ghabh an scoil chuici féin clár tumoideachais. Tá an scoil anois ag fáil mhaoiniú rialtais agus tá breis agus 300 páiste ar an rolla.
B’ualach mór airgeadais reáchtáil na scoile, Bunscoil Phobal Feirste, ar thuismitheoirí agus phobal araon, agus d’éiligh sí iarracht dheonach a bhí leanúnach gníomhach. Ba bheag téacsléabhar a bhí ar fáil i nGaeilge agus thug múinteoirí, tuismitheoirí agus baill eile den phobal faoi aistriú téacsanna do pháistí na scoile. Tiomantas agus díograis ba bhunriachtanas san fhoireann. Bhí an tuarastal íseal agus chaith an fhoireann uaireanta fada oibre ag ullmhú ábhar agus ag eagrú gníomhaíochtaí taobh amuigh den scoil.
I 1983 cuireadh suas aonad meán Gaeilge i scoil Chaitliceach i nDoire. Fuair an t-aonad, a d’oibrigh faoi bhainistíocht scoile Béarla a bhí ann cheana, aitheantas láithreach ón Roinn Oideachais. D’fhás rollú sa sruth i nDoire go buan le deich mbliana nó go ndearnadh scoil neamhspleách Chaitlceach faoi chothabháil de. Fuair Bunscoil Phobal Feirste maoiniú ón Roinn ó dheireadh 1984.
Idir 1984 and 2007, thug an Roinn Oideachais deontas i gcabhair do 31 scoil eile le Gaeloideachas a sholáthar. Faoi láthair, tá 33 scoil ag tairiscint Gaeloideachais. Tá iar-bhunscoil neamhspleách i mBéal Feirste agus aonaid iar-bhunscolaíochta Gaeilge i nDoire agus in Ard Mhacha.
![]()
Cóipcheart 2007 © Iontaobhas na Gaelscolaíochta | Gach Ceart ar Cosaint