
Aithnítear go dtugann tumoideachas mar a chleachtar é i nGaelscoileanna eispéireas cultúrtha níos leithne do pháistí i sochaí ilghnéitheachta méadaithe agus, dá réir seo, go gcothaíonn sé tuiscint agus gabháil cultúr, reiligiún agus traidiún eile.
Ní heol do bhunús daoine gur Gaeilge a labhraíodh a lán de na lonnaitheoirí Protastúnacha as Albain, as Earragháidheal go háirithe, an chanúint chéanna a bhí á labhairt in iarthuaisceart na hÉireann. Lonnaigh Gaeilgeoirí Albanacha i gcuid mhór ceantar sa Tuaisceart. I leabhrán cuimhneachán (1954) Eaglais Phreispitéireach Loch gCál, Co Ard Mhacha, tagraítear do bhunús Albanach an phobail, agus deirtear:
"Conlaímid go raibh Gaeilge a dtíre dúchais, Albain, go fóill á labhairt ag na lonnaitheoirí Albanacha, teanga a bhí á labhairt fosta ag Éireannaigh na dúiche. Ba chainteoir líofa sa teanga dhúchais é An tUrramach Archbald Macclane, as Earragháidheal ó cheart, agus thug sé seanmóir i nGaeilge i dteach tionóil Loch gCál i 1717."
Tá páirt thábhachtach á himirt ag Gaelscoileanna i gcur chun cinn sochaí atá oscailte, fulangach, mórtasach as a fréamhacha agus oscailte do chách.
Is minic a ghlacann Protastúnaigh leis gur tháinig a sinsir go hÉirinn ina gcainteoirí Béarla as Albain agus Sasana. Ach, tá fianaise le fáil gur Gaeilgeoirí Éireannacha a thiontaigh iad, a lán de na Protastúnaigh. I bpobal láithreach Chéad-Eaglais Phreispitéireach Thamhnaí Naoimhe tá teaghlaigh ar a bhfuil seansloinnte Éireannacha an cheantair: Hanvey (Ó hAinbheith), Connolly (Ó Conghalaigh), Hayes (Ó hAodha) Peak (Mac Péice), McVeigh (Mac an Bheatha) srl. Is cosúil gur Gaeilge agus Béarla a labhair baill an phobail seo a fhad le deireadh an 17ú haois nó tús an 18ú haois. Tugadh faoi deara i seanleabhar Seisiúin Eaglais Phreispitéireach Theampall Phádraig do na blianta 1646 go 1744, go bhfuil mórán a raibh fíorainmneacha Éireannacha orthu, léithéidí Meive O Conalie, Shan O Hagain, Oyen McGouckin, Rory O Crilie agus Patrick O Mory. Eileen Donnelly, as Contae Dhoire ó cheart a thiontaigh ina Modhach, thugadh sí seanmóirí i nGaeilge sa dara leath den ochtú haois déag in áit an aonaigh i Lios na gCearrbhach. Is dócha go raibh sí ag seanmóireacht do Ghaeilgeoirí ón cheantar tuaithe in aice an bhaile.
Mhair an Ghaeilge isteach sa 19ú haois sa stiall fhada talaimh ar an taobh thuaidh de Bheanna Boirche, ó Bhaile na hInse go hIúr Cinn Trá. San 18ú haois labhraíodh Protastúnaigh in Iúr Cinn Trá Gaeilge le bunadh na tuaithe lá aonaigh. Go luath sa 19ú haois ba chuimhin leis an údar Seán Mac Maoláin gur casadh báicéir óg as Iúr Cinn Trá dó ar chuimhin leis Gaeilge a fhoghlaim ina óige ó dhaoine as an tuath, agus an tsláinte ‘Slanty go seel agad agus ban er du veen ugat’ - ‘Sláinte go saol agat agus bean ar do mhian agat.’
Margadh a bhíodh i Lios na gCearrbhach coicís roimh an Nollaig, thugtaí air ‘the margy more’ – ‘an margadh mór’.
Le comhthéacs na coimhlinte in Éirinn tá eolas méadaithe ar chomhoidhreacht Ghaeilge, a ndéanann staraithe den chuid is mó neamhiontas de, ag oscailt doirse úra ar chomhthuiscint agus chomhurraim idir na traidisiúin Phrótastúnacha agus Chaitliceacha.
Bhí an Ghaeilge á húsáid ag na haicmí gnó Protastúnacha, mar rogha dhúchasach ar an Laidin, mar mhana ar a gcuid foirgneamh. Ar chuid de sheanbhrainsí Bhanc Uladh, brainse i mBeannchar agus an foirgneamh is Merchant Hotel anois i mBéal Feirste, tá an mana Lamh Dhearg Eireann le feiceáil ar fad. Tá an mana fosta le feiceáil os cionn Mhargadh Naomh Seoirse agus ar fhardoras Halla Uladh. Tá mana i nGaeilge agus i Laidin inscríofa ar bhunchloch Ospidéal Ríoga Victeoiria (1815).
Is cosúil go mbíodh an bheannacht Céad Míle Fáilte coitianta ag Protústanaigh sa 19ú haois. Thug an Bhanríon Victeoiria faoi deara gur scairt na sluaite an frása agus iad ag fáiltiú roimpi go Béal Feirste in 1849.
Mórshiúl Oráisteach a coisceadh 12 Iúil 1867, thaistil sé ó Bheannchar go Baile Aird Uladh, de réir Belfast News Letter, gan chur isteach ‘save the cead mille failthes of hosts of sympathisers’.
Ag Comhdháil Aontachtaithe Uladh 1892 i nGarraithe na Lus fáiltíodh roimh 20,000 toscaire leis an bhratach ‘ERIN-GO-BRAGH’ breactha ar an phuball, agus os a cionn cláirseacha agus seamróga. Níorbh ionadh é an méid sin, ó ba ‘Éireannaigh na Banríona’ iad féin, dar le lucht an tionóil.
Henry Cooke, crann taca an Phreispitéireachais cheartchreidmhigh, níor mhiste leis féin Gaeilge a úsáid. Le linn aithisc ag Tionól Eaglais na hAlban, dúirt sé:
‘Agus slán a bheas sibh, tiocfaidh an lá agus sibh ar cuairt ar Sheanad Uladh, go dtig libh teanga chnoic bhur ndúchais a labhairt linn, agus nach gcaithfidh sibh a fhiafraí d’aon duine againn, ‘An labhrann tú Gaeilge?’... agus an céad míle fáilte romhat lena bhfáilteoidh Éirinn romhaibh, silfidh sé chomh beoga óna croí agus a shilfeadh ó spioraid chlanna na nGarbhchríoch agaibh.’
Tuiscint dár n-oidhreacht Ghaeilge, d’fhéadfadh sí muid a tahbhairt a fhad le háit a dtiocfadh le daoine ón dá mhórthraidisiún sa tsochaí Éireannach comhoidhreacht, nach bagairt do chreidimh, do dhearcadh reiligiúin nó polaitiúil aon duine againn, a thaiscéaladh agus a cheiliúradh.
![]()
Cóipcheart 2007 © Iontaobhas na Gaelscolaíochta | Gach Ceart ar Cosaint