


![]()
Carthanas cláraithe é TACA a thiomsaíonn airgead leis an teanga Ghaeilge a chothú. I mBéal Feirste 15 bliain ó shin a bunaíodh TACA chun tacú leis na Gaelscoileanna a bhí ag teacht chun cinn. Ón am sin tá breis agus £800,000 tiomsaithe aige a tugadh do thograí Gaeilge a bhí ag streachailt.
Creideann TACA gur choir go mbeadh deis ag cách tacú le fás Chiste Iontaobhais an Ghaeloideachais. Dá laghad é an tabhartas, déanfaidh sé fíoréifeacht i gcuideachta tabhartas a lán daoine eile.
Ní neart go cur le chéile
Scríobchártaí agus Bocsaí Bailiúcháin Tiomsaíonn : TACA airgead trí scríobchártaí dá chrannchuir a dhíol ó dhoras go doras agus i siopaí agus fágann sé bocsaí bailiúcháin i siopaí agus i ngnólachtaí eile.
Buanordú agus Dochar Díreach : TACA a bhainistíonn fosta na Scéimeanna Buanordaithe agus Dochair Dhírigh thar ceann Iontaobhas na Gaelscolaíochta.Téann gach pingin a thugtar trí bhocsaí bailiúcháin agus thicéid chrannchuir agus íocaíochtaí míosúla díreach chun cuidiú leis na Gaelscoileanna. Is gníomhaire tiomsaithe airgid é TACA d’Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Ciste Iontaobhais an Ghaeloideachais, a bunaíodh leis an Ghaeloideachas a mhaoiniú agus a chur chun cinn ar fud an Tuaiscirt.
![]()
Cóipcheart 2007 © Iontaobhas na Gaelscolaíochta | Gach Ceart ar Cosaint