
![]()
Tá TACA ag seoladh ciste nua £15,000 chun cuidiú le naíscoileanna Gaelacha i gCúige Uladh. Is eagras é TACA a reáchtálann crannchur agus a bhailíonn airgead ar bhealaí eile chun cuidiú le tograí Gaelacha. Thig le naíscoil Ghaelach in aon cheann de na 9 gcontae i gCúige Uladh iarratas a chur isteach ar dheontas ó Ciste na nDeontas Beag, ciste ar luach £15,000.
Bronnfaidh TACA duais £3,000 ar gach ceann den chúig naíscoil a n-éiríonn leo.
Tá an scéim dírithe i mbliana ar mhaoiniú imeachtaí súgartha, foghlamtha, ceoil, lúthchleasaíochta agus ealaíne, a shaibhríonn taithí an pháiste ar an saol . Agus/nó ar imeachtaí a chuireann le cumas Gaeilge an pháiste. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó TACA agus ní cead níos mó ná 400 focal a bheith san iarratas.
Arsa Pat Keenan ó TACA: “Táimid thar a bheith sásta go bhfuil An Ciste seo á reachtáil arís i mbliana. Bhí tionchar nach beag ag an t-airgead seo anuraidh. Bronnadh £2,000 ar Naíscoil Ard Mhacha, Naíscoil Uachtar Tíre, Naíscoil na Speiríní, Naíscoil Ard Eoin, Naíscoil an tSratha Báin. Ina theannta sin bronnadh £20,000 ar Iontaobhas Na Gaelscolaíochta fosta. “In ainneoin go bhfuil an réamhscolaíocht thar a bheith tábhachtach d’fhás na Gaelscolaíochta, níl teacht ag na naíscoileanna ar mhórán foinsí airgid agus táimid cinnte de go ndéanfaidh an ciste seo difear mór do na scoileanna sin a n-éiríonn leo deontas a fháil.“Is é seo an dara uair dúinn Ciste na nDeontas Beag a bheith againn ach táimid dóchasach go mbeidh a mhacasamhail ag TACA gach bliain amach anseo.
Is é an 9 Samhain 2009 sprioc na n-iarratais. Fógrófar buaiteoirí na ndeontas roimh an Nollaig agus bronnfar a nduaiseanna orthu sin ag ócáid sa Chultúrlann i mBéal Feirste ar 10 Nollaig 2009.
Arsa Pilib Ó Ruanaí ó Iontaobhas na Gaelscolaíochta:
“Scéal iontach é seo. Is crann taca na hearnála Gaelscolaíochta é TACA. Ní amháin go mbailíonn TACA suim mhór airgid ar son na scoileanna ach coinníonn siad ceist na Gaelscolaíochta os comhair an phobail, Domhnach is Dálach. Is ón phobal a tháinig an £15,000 seo atá TACA ag infheistiú sna naíscoileanna. Is ráiteas iontach é sin, ráiteas go bhfuil an pobal chomh tógtha sin faoin Ghaelscolaíocht is go bhfuil siad sásta airgead sa bhreis a chur ar fáil le go dtiocfadh le TACA cuidiú leis na naíscoileanna.”
Tháinig an £15,000 sa Chiste nua ó shíntiúsóirí TACA (breis is 300 duine a íocann síntiús míosúil leis an eagras), ó bhoscaí bailiúcháin agus ó dhíol scríobchártaí do Chrannchur TACA.
Cuireann TACA fáilte roimh iarratais ó naíscoileanna in aon cheann de na naoi gcontae i gCúige Uladh.
nó is féidir dul i dteagmháil le TACA ag:
eolas@taca.ie
nó scríobh chuig
Pat Keenan,
TACA
An Chultúrlann
216, Bóthar na bhFál
Béal Feirste,
BT12 6AH
Ní mór iarratais a bheith istigh faoin 12/11/09 agus ní cead níos mó ná 400 focal a scríobh ann. Tá an scéim seo oscailte do naíscoileanna i gCúige Uladh amháin agus ní ghlacfar le hiarratais ó naíscoil taobh amuigh den chúige. Caithfidh Cathaoirleach Coiste Naíscoile iarratas a shiniú. Critéir mhaoinithe: ag saibhriú thaithí an pháiste ar an saol trí imeachtaí súgartha, foghlamtha, ceoil, lúthchleasaíochta, ealaíne. Agus /nó ag cur le cumas Gaeilge an pháiste.
![]()
Cóipcheart 2009 © Iontaobhas na Gaelscolaíochta | Gach Ceart ar Cosaint