
![]()
Ó neart go neart
Aidhm
2.5 milliún d’airgead neamhrialtais a thiomsú le cáilíocht agus cumas na hearnála a thógáil i dtaca le bonneagar fisiceach, mar fheabhsú an teagaisc agus scileanna agus deiseanna foghlama.
Tógáil Sholáthar na Cáilíochta
Ba é aidhm na scéime seo £600,000 a chur le ciste tógála an chlub bhainc a thabharfadh a fhad le £1milliúné. Ligfidh an 1 milliún seo dúinn tarraingt ar 10 milliún in iasachtaí ón bhanc. An infheistíocht rollach seo bunaithe ar an scéim iasacht bainc, ba chóir go ligfeadh sí dúinn a lán dár mbunscoileanna, atá suite in árais shoghluaiste faoi bhun caighdeáin, a lonnú i bhfoirgnimh nua-aimseartha úrscoithe. Ba choir go ligfeadh an scéim chiste 10 milliún seo dúinn suas le 5 áras úra bunscoile a thógáil dara gach bliain.
Tá an scéim sholáthar áras ardcháilíochta an-tarraingteach nó ar chríochnú gach scéim, ceannóidh an Roinn Oideachais an scoil ar bhunphraghas agus maoineoidh siad fosta aon iasacht costais don scéim. Is ionann seo is a rá gurbh fhiú gach punt infheistithe suas le £250 thar tréimhse 10 mbliana agus é á athchúrsáil i gcónaí isteach sa chéad scéim tógála eile.
Oiliúint foirne agus acmhainn tógála
Is é aidhm na scéime an chéad uair £300,000 a cur ar fáil do bhreis scileanna riachtanacha agus thógáil acmhainne.
Earnáil a bhfuil borradh fúithi atá sa Ghaeloideachas ina bhfuil lion mór gairmithe óga ard-inspreagtha ag obair. Caithfear fosta a aithint mar gheall ar an chroíriachtanas teanga san earnáil, mar bhfuil freastal láithreach á dhéanamh air ag an 3ú leibhéal, go bhfuil roinnt post foirne ansin ar dúshlán iad a líonadh. Baineann na limistéir seo le:
1. Scileanna Gaeilge agus cúram leanaí san earnáil réamhscoile.
Is í an réamhscoil nó an Naíscoil dúshraith na hearnála agus is sa chéim seo a dhéanfaidh bunús páistí an chéad teagmháil leis an teanga. Le dul ag obair san earnáil réamhscoile teastaíonn ón fhoireann cáilíocht ghairmiúil chúram leanaí agus líofacht Ghaeilge. Faoi láthair tá ganntanas foirne a bhfuil na scileanna seo araon acu.
Cuirfidh an scéim láithreach airgead ar fáil le go mbeadh teacht ag an fhoireann reatha agus feasta ar chúrsaí ábhartha i gcúram leanaí teangach agus i bhforbairt ghairmiúil.
2. Sainscileanna ar leibhéal iar-bhunscoile :
Táthar a shamhlú, le forbairt na hearnála iarbhunscoile maraon le leathnú teidil oideachasúil churaclaim iar-bhunscoile Thuaisceart na hÉireann, go mbeidh éileamh suntasach ar mhúinteoirí a bhfuil líofacht Ghaeilge acu agus cumas fosta le sainábhair a theagasc.
Is é is rún dúinn sparánacht bhliantúil a chur ar fáil a tharraingeoidh daoine sciliúla den chaighdeán is airde isteach san earnáil againn.
Ar na limistéir riachtanais tá:
Eolaíocht,
Teicneolaíocht,
Sainriachtanais,
Mata,
cúrsaí Gairmiúla.
3. Sainriachtanais :
Is trasghearradh sochaí iad na páistí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoileanna ina bhfuil páistí ó réimse cúlraí sóisialta chomh maith le páistí le réimse ábaltachtaí áirithe. Léiríonn taighde idirnáisiúnta gur rogha do gach páiste é an tumoideachas mar a chleachtar sna Gaelscoileanna é, ach fá láthair, tá ganntanas foirne oilte san earnáil le hoiliúint sainriachtanas speisialta a dtig leo oibriú leis na páistí is mó riachtanas. Is é ár rún sparánacht bhliantúil a chur ar fáil a dhíreofar ar thógáil acmhainne sa limistéar seo.
Feachtas Feasachta (£100,000)
Tá fás an-ghasta faoi Ghaeloideachas, ach is léir go bhfuil a lán sa tsochaí nach eol dóibh beatha, luachanna agus rath na hearnála. Is é is rún dúinn mar sin, feachtas a mhaoiniú a úsáidfear le prófíl na hearnála a ardú sa phobal. Samhlaítear go gcosnóidh sé seo ar dtús suas le £50,000 sa bhliain ar feadh 2 bhliain.
An Ciste Tógála agus Comhdhlúite Réamhscoile
Maíonn na treochtaí forbartha go bhforbrófar 10 Naíscoil (Réamhscoileanna) sna blianta amach romhainn. Díreofar an ciste orthu seo:
1. Soláthar cóiríochta agus costais bhunaithe 10 naíscoil bhuanfhoirgníochta ar chostas £100,000 gach soláthar.
2. Tógáil, bunú agus céadchostais reatha 2 iar-bhunscoil ar £250,000 = £500,00
Feachtas Foriomlán: £2.5 milliún
![]()
Cóipcheart 2007 © Iontaobhas na Gaelscolaíochta | Gach Ceart ar Cosaint