
Le breis agus tríocha bliain tá an Ghaelscolaíocht ag fás agus ag forbairt ar fud na hÉireann agus 37,000 páiste anois ag fáil oideachais tríd an Ghaeilge. I dTuaisceart na hÉireann, tá 4000 páiste anois ag freastal ar Ghaelscolaíocht in 44 réamhscoil, 32 bunscoil agus 3 iar-bhunscoil. Ó bunaíodh Iontaobhas na Gaelscolaíochta in 2001 d’éirigh linn maoiniú riachtanach a sholáthar do 20 bunscoil agus 20 réamhscoil le go mbainfeadh na pobail sin sochar as scoil Ghaeilge.
Breis agus 3 mhilliún punt a caitheadh sa treimse sin a tháinig ó mheascán de dheontais rialtais agus thabhartais ó dhaoine aonair.
![]()
Cóipcheart 2007 © Iontaobhas na Gaelscolaíochta | Gach Ceart ar Cosaint