
Is eol dúinn uile na hagóintí ar son bithéagsúlachta agus an imní choiteann a luaitear faoi staid an dúlra.
Chuala muid uile iomrá ar an Téamh Domhanda agus chailliúnt na speiceas ainmhí agus planda a thiocfadh dá bharr, ach is beag a thuigeann an bhagairt atá ar ilghnéitheacht teanga
B’fhéidir go gcaillfí suas le 5,000 teanga roimh dheireadh an chéid seo agus le gach ceann acu imeoidh staireanna, miotaseolaíochtaí, fealsúnachtaí, eolaíochtaí, greann, amhráin , tomhais agus piseoga phobail a labhartha.
Beo-uirlis í teanga, is léir. Ní amháin gur mean cumarsáide smaointe agus idéanna í, ach cruthaíonn sí cairdis.
I rith na staire, is iomaí duine a rinne machnamh ar thábhacht teanga. Mar shampla, luaigh an scoláire Benjamin Whorf go múnlaíonn teanga smaointe agus mothúcháin agus socraíonn an dóigh a mbraithfidh duine an réaltacht. Dúirt John Stuart Mill:
"Is í an teanga solas na hintinne"
Dar leis an teangeolaí Edward Sapir, ní amháin gur gléas léirithe smaointe, braistintí, mothúchán, agus luachanna sainiúla pobail atá sa teanga; ach is ionann í agus léiriú bunúsach céannachta sóisialta. Arsa Sapir:
"is ionann caint choiteann bheith ann agus sainchomhartha cumhachtach dlúthpháirtochta sóisialta an dreama a labhraíonn an teanga."
I mbeagán focal, cothaíonn caomhnú teanga dáimh chultúrtha.
Ar na saolta seo inniu táthar ag tosú a aithint mar shócmhainn é an t-ilteangachas, ní amháin i gcomhcheangal daoine ó chultúir agus thraidisiúin éagsúla, ach fosta ar an ábhar go léiríonn gach teanga eolas pobail, dearcadh eile ar an domhan. Feictear anois i ndóigheanna éagsúla smaointe agus réiteach fadhbanna, acmhainn thábhachtach don domhan. An dóigh úr seo le hamharc ar conas a fheicmid cúrsaí, tiomáinfidh sí nuáil agus geilleagar cumhachtach domhanda.
Tá sé seo ráite ag Micheál Cronin údar An Ghaeilge sa Nua-Aois :
“b’ionann agus féinmharú polaitiúil, sóisialta agus cultúrtha scaradh leis na hacmhainní an-leathana agus sainiúla (ó nach maireann siad aon áit eile) cognaíocha agus aeistéitiúla atá ar fáil i dteanga agus i gcultúr na Gaeilge. Fiú ag an phragmataí filistíneach is ionsaithí, b’ionann scaradh mar sin agus caolú tromchúiseach bhonn aon tsochaí eolasbhunaithe a thiocfadh a thógáil ar an oileán”
![]()
Cóipcheart 2007 © Iontaobhas na Gaelscolaíochta | Gach Ceart ar Cosaint