
Buanordú
Féadann tú bronntantas míosúil a tabhairt d’ Iontaobhas na Gaelscolaíochta trí TACA atá ina fhochuideachta. Bainistíonn TACA crannchur scríobchárta, boscaí bailiúcháin agus an scéim íocaíochta buanordaithe. Thig Gift Aid a éileamh fosta más cáiníocóir de cuid RA (nó Phoblacht na hÉireann) tú.
Bronntanais Dhíreacha
Féadann tú deonú go díreach d’ Iontaobhas na Gaelscolaíochta le seic nó buanordú.
Déantar seiceanna iníoctha le hIontaobhas na Gaelscolaíochta agus cuirtear iad chuig:
Iontaobhas na Gaelscolaíochta
199 Bóthar na bhFál,
Béal Feirste
BT12 6FB
Gift Aid
Le Gift Aid thig le carthanais an bunráta cánach ioncaim ar a mbronntanais uile ó dhaoine aonair a aiséileamh.
Níl le déanamh ach a dhearbhú le hIontaobhas na Gaelscolaíochta de bhéal nó i scríbhinn, gur cáiníocóir thú. Ní héigean an dearbhú seo a dhéanamh ach aon uair amháin agus beidh sé bailí fad a bheas tú i do cháiníocóir.
Tá difear beag i rialacha Gift Aid i dtaca le deonacháin chorparáide. Deonaíonn an chuideachta bronntanas ina iomláine don charthanas agus baineann an méid sin dá brabúis nuair a mheasúnaítear an chain chorparáide. Ní héigean don charthanas aon airgead a aiséileamh agus ní chaithfidh an chuideachta Teastas Gift Aid a sholáthar feasta.
Sampla (duine aonair)
|
£ |
Tugann tú |
10,000 |
Aiséilíonn an carthanas |
2,820 |
Do bhronntanas iomlán, Gift Aid san áireamh |
12,820 |
Áirigh do dheonachán féin
Tabhair Mar a Thuillir (TMAT)
Slí cháinéifeachtúil le bronnadh is ea an bronnadh párolla . Baintear deonacháin TMAT díreach de do phá roimh cháin, agus tá siad mar sin, saor ó cháin. Mar sin, le húsáid TMAT is lú a chosnaíonn sé deonú. Insíonn an tábla thíos an méid go beacht.
Do dheonachán don charthanas (comhlán) |
|
Costas ort @ cáin 22% (glan) |
|
Costas ort @ cáin 40% (glan) |
|
Luach do dheonacháin |
£5.00 |
£3.90 |
£3.00 |
£5.00 |
|||
£10.00 |
£7.80 |
£6.00 |
£10.00 |
|||
£50.00 |
£39.00 |
£30.00 |
£50.00 |
Má thugann tú £10 sa mhí cosnóidh sé ort £7.80 (ar bhunráta cánach), ach faigheann Iontaobhas na Gaelscolaíochta an £10 iomlán.
Féadann cuideachta taca fostóra a ghríosú agus a neartú le Clár Comhbhronnta. Thig le Fondúireacht Chúnta na gCarthanas Clár Comhbhronnta corparáide a bhunú agus a reáchtáil thar ceann cuideachta, le gur lú an t-éileamh ar am bainistíochta.
Bronnadh Stoc agus Scaireanna
Dá gcinnfeá ar bhronnadh ar Iontaobhas na Gaelscolaíochta i bhfoirm scaireanna luaite, is fiú cuimhneamh go bhfuil sé sin saor ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil, rud a chiallaíonn go mbainfidh Iontaobhas na Gaelscolaíochta sochar iomlán as aon bhrabús a dhéanfar ar an infheistíocht. Thig le daoine aonair fosta Faoiseamh ó Cháin Ioncaim a éileamh ar luach margaidh a gcuid scaireanna. Tá an sochar dúbailte cánach seo i bhfeidhm fosta le hIontaobhais Aonad agus le Cuideachtaí Infheistíochta Ceannoscailte (CIC).
Ba mhalairt ar bhronntanas díreach é scaireanna a dhíol le hIontaobhas na Gaelscolaíochta faoina luach margaidh. Thig leat ansin faoiseamh cánach a ghnóthú ar d’ioncam inchánach.
Leagáidí
B’fhéidir go mbeartódh duine le sócmhainní pearsanta deonú i bhfoirm leagáide. Chinnteodh leagáid go mairfeadh sochar do thabhartais i bhfad i ndiaidh dheireadh do shaoil.
Tá leagáidí le carthanais saor ó Cháin Oidhreachta.
Eolas do Shaoránaigh SA
Tá dóigheanna ann a dtig leat tacú go díreach le hobair Iontaobhas na Gaelscolaíochta trí Chiste Iontaobhais an Ghaeloideachais:
Fondúireacht Phobail Thuaisceart na hÉireann,
An Teach Pobail,
Gnópháirc Chathairnaisc,
Sráid Albert,
Béal Feirste
BT12 4HQ
Teagmháil: Teil: +44 (0) 28 90245927
Facs: +44 (0) 28 90329839
Rphost: info@communityfoundationni.org
![]()
Cóipcheart 2007 © Iontaobhas na Gaelscolaíochta | Gach Ceart ar Cosaint