

Pilib Mistéil: Cathaoirleach - Tógadh Pilib i nGaeltacht Bhóthar Seoighe, áit a d?fhreastail sé ar an chéad bhunscoil Ghaeilge sa tuaisceart, Bunscoil Phobal Feirste. I ndiaidh dó céim a bhaint amach i 1990 thosaigh sé ag teagasc agus ag tógáil a chlann féin trí mheán na Gaeilge i nGaeltacht Bhóthar Seoighe. Chomh maith leis an teagasc tá Pilib thar a bheith gníomhach i saol na Gaeilge i mBéal Feirste; tá sé mar bhall de scór eagraíochtaí Gaeilge sa tuaisceart. Faoi láthair tá sé mar Phríomhoide ar Bunscoil an tSléibhe Dhúibh i mBéal Feirste.

Seán Ó Coinn: Cisteoir - POF Chomhairle na Gaelscolaíochta ó 2001. Bhí Seán ina Chathaoirleach ar choiste a bhunaigh réamhscoil MG agus bunaonad MG in Ard Mhacha idir 1988-1993. Tá cáilíocht B.A. (Onóracha) sa Léann Ceilteach aige ó Ollscoil na Banríona Béal Feirste agus dioplóma is airde i mbainistíocht ó Ollscoil Uladh.
Tá Seán pósta agus triúr mac aige agus is ceoltóir díograiseach traidisiúnta é.

Emer O?Hagan: Oibríonn Emer mar comhairleoir sinsearach leis an comhlacht idirnáisiúnta PriceWaterhouseCoopers. Tá BA onóracha aici i nGaeilge agus i Soceolaíoch, chomh maith le MA sa pholaiteolaíocht agus Phd i gcaidrimh Tionsclaíocha. Chaith sí seal mar léachtóir in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Ollscoil na Ríona agus DCU i mBaile Átha Cliath. Mar aon le seo is tuismitheoir í le beirt pháiste atá ag freastal ar Bhunscoil Bheanna Boirche i gCaisleán Uidhlín, Co. an Dúin.

Dr. Stiofán Ó Nualláin: Is stiúrthóir é ar an comhlacht traenála agus comhairleachta Trademark, atá faoi chúram an ICTU. Roimhe seo ghníomhaigh Stiofán ar son cearta sibhialta, frith seicteachas agus frith ciníochas anseo sa tuaisceart agus thar lear sna Balcáin.Tá Stiofán mar bhall do Chumann Leath Chathail, eagraíocht a speagrann An Ghaeilge agus an Gaelscolaíocht i nDún Phádraig. Freastalaíonn a bheirt pháiste ar an bhunscoil áitiúil i nDún Phádraig, Bunscoil Pádraig.

Pádraig Ó Ceallaigh : Is cuntasóir cáilithe é Phádraig, d?obair sé sa réimse seo ar feadh cúig bliana is fiche. Bronnadh céim agus teastas iar-chéime air i gcuntasóireacht ó Ollscoil Uladh, Baile Shiúrdáin. In éineacht leis seo tá BA aige i Nua-Ghaeilge ó Ollscoil Uladh, Béal Feirste. Ó bhí 2007, tá Pádraig ag gníomhú mar Oifigeach Airgeadais i gCultúrlann MacAdam Ó Fiach. Is cisteoir é ar bhord Naíscoil agus Gaelscoil Naomh Éanna. Is fear pósta é Phádraig le triúr páistí aige.

Dr Gearóid Trimble: Is Clárbhainisteoir le Foras na Gaeilge é Gearóid a bhfuil freagracht aige ar an Rannóg Pobail agus Gnó. Roimhe sin, d?oibrigh sé mar Chomhordaitheoir le Gaelscoil an Lonnáin agus bhí sé ina bhall gníomhach ar 12 eagraíocht Ghaeilge den earnáil dheonach. Tá PhD, MA, BA (Onór.) aige sa Léann Éireannach ó Ollscoil Uladh, Cúil Raithin, chomh maith le Dioplóma sa Bhainistíocht (C.I.P.F.A.) agus Ardteastas sa Ghnó agus Fiontraíocht (L.Y.I.T.). Tá Gearóid pósta le ceathrar clainne agus cónaíonn sé i mBéal Feirste.

Pilib Ó Ruanaí, Príomhfheidhmeannach : Ón bhliain 2001, tá Pilib ina Phríomhfheidhmeannach ar Iontaobhas. Tá céim sa Léann Ceilteach aige ó Ollscoil na Banríona Béal Feirste chomh maith le Máistreacht i Riarachán Gnó ón Ollscoil Oscailte. Is bunaitheoir agus iar-chathaoirleach é ar an chéad Ghaelscoil i nDeisceart Bhéal Feirste, Scoil an Droichid. Tá Pilib ina ghobharnóir ar Choláiste Feirste agus ina stiúrthóir ar An Nasc, cuideachta sheachbhrabúsach Ghaeilge a phléann le hathghiniúint gheilleagrach.

Pat Keenan, Bainisteoir TACA : Aibhléiseoir cáilithe é Pat agus gníomhaí Gaeilge, ball de agus iarchathaoirleach ar An Droichead, an t-ionad pobail agus gnó Gaeilge i nDeisceart Bhéal Feirste.
![]()
Cóipcheart 2009 © Iontaobhas na Gaelscolaíochta | Gach Ceart ar Cosaint