£20m taobh istigh de na 10 mbliana romhainn, is aidhmeannach an sprioc é. Mar sin féin, tá Bainisteoir Thiomsú Airgid an Iontaobhais, Réamaí Mathers dearfa go mbainfear amach agus leoga, go sárófar an sprioc. Agus gan é ach 3 mhí ina phost nua is léir do Réamaí cheana féin go bhfuil an pobal, chomh maith le daoine aonair agus grúpaí, díograiseach faoi bhronnadh ar na Gaelscoileanna.
Is dreasacht sa bhreis do bhronntóirí le bheith ag bronnadh é, creideann sé, teist an Iontaobhais i dtaca le hinfheistíocht chríonna tháirgiúil airgid. Le deontas £200,000 ó Eastáit Tionscail na Carraige Báine, méadú substaintiúil i líon na ndeontas dochair dhírigh agus ioncam méadaithe ó TACA, tá cuma dhearfach ar chéadbhliain an togra úir.
“Is mór an iarraidh é,” deir Réamaí. “Ach tá foireann ar dóigh anseo againn ag an Iontaobhas agus TACA, teist chruthaithe i mealladh an airgid agus á chaitheamh go críonna, agus thairis sin, méid ollmhór dea-mhéine sa phobal abhus in Éirinn agus thar lear. Is é ár bpríomhaidhm an dea-mhéin sin a ghléasadh ar dhóigh a ligfidh dúinn a thaispeáint dóibhsean a bhronnfas go bhfuil a gcuid airgid á chaitheamh go críonna, go héifeachtach agus ar mhodh trédhearcach le buntáiste na bpáistí sna scoileanna a uasmhéadú. Níl aon amhras orm ach go n-éireoidh linn san iarracht seo le £2m sa bhliain a aimsiú leis na Gaelscoileanna a choinneáil ar thus cadhnaíochta an oideachais anseo sa Tuaisceart.” Más mian leat cuidiú le hIontaobhas na Gaelscolaíochta thig eolas a fháil faoi sin ach dul i dteagmháil linn. Sonraí teagmhála:
Iontaobhas na Gaelscolaíochta, 199 Br na bhFál, Béal Feirste, BT12 6FB.
Teil: 02890 241510. Ríomhphost: eolas@iontaobhasnag.com.
Láithreán; www.iontaobhasnag.com