Is dócha go bhfuair custaiméirí Sainsburys Bhéal Feirste, gonc nuair a chuaigh siad i mbun siopadóireachta s’acu an Satharn seo a chuaigh thart. Bhí an áit plodaithe le buicéidí agus bailitheoirí TACA agus le geansaithe glas is órga Coláiste Feirste. Bhí idir scór agus scór go leath de Ghaeil Bhéal Feirste i láthair in san ionad siopadóireachta, idir óige is aosta. Pacáil málaí a bhí ar siúil acu, chun airgead a bhailiú ar son na Naíscoileanna sna sé chontae. Rinne na Gaeil seo éacht nach beag, mar in san aon lá amháin seo bhailigh siad £1126.88!

 

Labhair muid le bainisteoir TACA, Páid Ó Cianáin chun fáil amach an raibh sé sásta leis an méid ar bhain siad amach ar an Satharn;

 

“Dúirt lucht Sainsburys gur féidir thart fá £700 a bhailiú ar ghnáth Shatharn. Sháraigh muidne sin, mar sin de is cinnte go bhfuil muid sásta. Achan pingin den airgead sin rachaidh sé díreach chuig na naíscoileanna fud fad an tuaiscirt. Caithfidh mé buíochas a ghabháil le achan duine a tháinig amach chun cuidiú linn ina measc; Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Cumann Culturtha Mhic Reachtain agus ar ndóigh Coláiste Feirste. Táim thar a bheith buíoch de lucht Choláiste Feirste, tháinig thart fá cúigear d’éag de na daltaí chun cuidiú linn, gan iad ní bheadh an méid céanna airgid bailithe againn.”

 

“Seo an chéad uair dúinn pacáil malaí a dhéanamh” a lean Páid ar aghaidh a rá “Is cinnte go ndéanfaidh muid arís é. Taobh amuigh den t-airgead a bhailigh muid, d’ardaigh muid ár bproifíl i measc an phobail. Bhí daoine dár gceistiú, cé muid, cén sórt eagraíochta í TACA agus bhí muid in ann tuilleadh eolais a thabhairt daofa agus fá cá háit go díreach a théann an t-airgead a bhailítear. Bhí an tacaíocht ón phobal dóchreidte, nuair a fuair siad amach gur eagraíocht Gaeilge muid bheannaigh siad muid le “Go raibh maith agat”, “Slán” agus “Fáilte Romhat”. Bhí sin ar dóigh le cloisteáil.”

 

Mar a luaigh bainisteoir TACA, thacaigh daltaí agus múinteoirí Coláiste Feirste go mór mór leis an ócáid bailithe airgid seo. Rud a léiríonn gur earnáil muid an Ghaelscolaíocht, a sheasann le chéile in am na cinniúna. Labhair muid le Brenda Uí Chléirigh, múinteoir ó Choláiste Feirste, a spreag na daltaí chun páirt a ghlacadh in san pacáil málaí;

 

“Chonaic mé fógra ar Facebook a bhí curtha in airde ag TACA, ag impí ar dhaoine teacht chuig an pacáil málaí seo. Mhothaigh mé go raibh seo ina deis iontach dona daltaí. Sílim féin go bhfuil sé iontach tabhachtach na daltaí a speagadh chun tacú lena heagraíochtaí Gaelacha. Na heagraíochtaí atá ag gníomhú ar son na Gaelscolaíochta ach go háirithe. Chuir mé in iúl do na páistí gan a leithéid de heagraíochtaí mar TACA, ní bheadh Coláiste Feirste ar an fhód agus ní bheadh an foirgneamh úr nua againn ach an oiread gan iad.”

 

“Ar dtús b’éigean áitiú ar na páistí go mb’fhiú daofa rud beag oibre a dhéanamh ar son na cúise. Tuigeann  tú cén dóigh a mbíonn deagóirí, bíonn siad náirithe i gconaí. Ach nuair a mhínigh mé gan daoine bheith sásta dul thart ó dhoras go doras tráth, nó daoine ag seasamh in san fhearthainn agus san fhuacht ag bailiú airgid, ní bheadh muid anseo ar scoil. I ndiaidh sin rinne siad áth smaoineamh air agus bhí siad thar a bheith toilteanach é a dhéanamh.”

 

Má tá suim ag éinne páirt a ghlacadh i scéimeanna bailithe airgid TACA, ná bíodh leisce oraibh teagmháil a dhéanamh leo ag; www.facebook.com/tacalotteries nó gabh air www.taca.iechun airgead a bhronnadh tríd an chórás paypal atá acu. Lean sampla Coláiste Feirste, tacaigh le TACA. Ní dheachaigh fial ariamh go hIfreann!