Dia daoibh. Ar dtús, sula dtosaím ar ábhar na hóráide ba mhaith liom buíochas a chur in iúl do Pheadar Ó Cuinneagáin agus don bhfoireann ar fad ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta as an imeacht seo a eagrú agus as cuireadh a thabhairt dom chun a bheith anseo inniu. Is mór an pléisiúr é i gcónaí dom labhairt ag imeachtaí mar seo, faoi rud atá chomh tábhachtach dom agus a bhfuil áit speisialta aige i mo chroí istigh.
Tháinig mé anseo ar maidin chun tacaíocht a thabhairt don obair iontach atá ar bun ar fud na hearnála ar fad. Ach níos tábhachtaí ná sin, tháinig mé anseo freisin mar faighim inspioráid agus spreagadh uaibh ar fad.
Inspioráid agus spreagadh ó dhaoine a bhfuil prionsabal daingean acu, daoine a bhfuil tuiscint acu ar an rud atá tábhachtach, agus daoine atá sásta a gcuid ama, a gcuid samhlaíochta, a gcuid paisin agus a gcuid seiftiúlachta a chomhroinnt, chun leas na Gaelscolaíochta agus chun leas na Gaeilge i gcoitinne. Chun an rud atá maith a dhéanamh níos fearr. Agus chun an rud atá níos fearr a dhéanamh d’ardchaighdeán domhanda.
Nó tá an tionscnamh seo, Gaelscolaíocht Éireann, á ghníomhú ar bhonn domhanda cheana féin. Is tionscnamh é a fuair tacaíocht ón Aontas Eorpach. Agus ní tacaíocht béil amháin, ach tacaíocht maoinithe. Agus léiríonn é seo go bhfuil aitheantas á thabhairt agus luach á chur ar an obair thábhachtach atá ar bun ag Gaelscolaíocht Éireann ag leibhéal na hEorpa.
Obair thábhachtach chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Chun comhoibriú trasteorann a chur chun cinn. Agus na rudaí seo a chur chun cinn ar chúis ar leith. Cúis atá istigh i mo chroí. Chun tacaíocht a thabhairt dár bpáistí, agus iad ag foghlaim, ag forbairt, ag gnóthachtáil agus ag fás mar Ghaeilgeoirí. Mar smaointeoirí solúbtha. Mar dhaoine óga a bhfuil teanga acu, a bhfuil buanna acu, agus a bhfuil sár-scileanna acu. Daoine a thugann dea-shampla agus inspioráid dár gcomharsana san Eoraip. Agus dár gcomharsana atá níos faide ar shiúl.
Ar fud na hEorpa, tugtar meas do theangacha agus breathnaítear iad mar chuid den saibhreas leathan cultúrtha sa chuid seo den domhain. Saibhreas ar dualgas dúinn cothú agus cur leis, ionas go mbíonn ár bpáistí anseo in Éirinn ábalta teacht ar cheann de na teangacha dúchais is sine san Eoraip agus is áille ar chlár na cruinne.
Mar Aire Oideachais sa tuaisceart, tá mé go hiomlán tiomanta do pháirt a ghlacadh lenár ndualgas don Ghaeilge a chomhlíonadh. Tá a fhios agam go bhfuil sibhse tiomanta don rud céanna. Agus is féidir liom a dheimhniú daoibh freisin go gcomhlíonfaidh an Roinn Oideachais ó thuaidh, a mhéid agus is féidr, go gcomhlíonfaidh sí a ról, chun héilimh tuismitheoirí a fhreastal maidir le Gaelscolaíocht a chur ar fáil dá bpáistí. I scoileanna a mbíonn rath agus bláth orthu agus a bhfuil acmhainní den chéad scoth acu. Scoileanna atá ceannródaíoch san aonú haois is fiche.
Tá beirt iníonacha agam a bhí ag freastal ar ghaelscoileanna agus bhí siad i gcónaí sásta leis an scoil agus bhí mé féin, mar thuismitheoir, iontach sásta ar fad faoi chaighdeán an oideachais agus go háirithe faoin tacaíocht a fuair siad ó na múinteoirí agus ó dhaoine eile. De bharr go raibh eispéireas den scoth acu, tá mé cinnte go mbeidh siad sásta an Ghaeilge a úsáid as seo amach le linn a saoil. Chomh maith leis an nGaelscolaíocht, creidim gur chóir Acht Gaeilge a reachtú sa tuaisceart lena chinntiú go mbíonn na deiseanna céanna ag Gaeilgeoirí an tuaiscirt an teanga a úsáid i ngach gné dá saoil.
Tá lúcháir orm a chur in iúl daoibh go bhfuil bearta diongbháilte glactha agam le deis a thabhairt do pháistí bunscoile ar fud an tuaiscirt, blaisín beag a fháil de shaibhreas teangacha. Thug mé isteach Clár Teangacha Bunscoile, trína bhfoghlaimíonn páistí ó oidí oilte, oidí atá díograiseach agus paiseanta faoin teanga. Bíonn siad ag obair taobh le cúntóirí agus le múinteoirí ranga na bpáistí, sa chaoi go mbíonn an t-eispéireas oideachais is fearr agus is taitneamhaí is feidir á thabhairt dóibh.
Ar na tairbhí ó fhoghlaim teangacha nua a bhíonn ann do phaistí, tá muinín, féinmheas, inspreagadh agus meas ar chultúir eile. Cuireann na tréithe seo lena bhfoghlaim thar an gcuraclam, agus ní ar theangacha amháin. Bíonn na múinteoirí ar fad ag tabhairt aiseolais dhearfaigh dom. Deir siad go bhfuil mórán tairbhí ann dóibh freisin. Faigheann siadsan níos mó eolais agus acmhainní, agus iad ag obair taobh leis na hoidí.
Tá lúcháir orm a thuairisciú gur éirigh chomh maith sin leis an tionscnamh seo, go bhforbrófar é ar fud an tuaiscirt. Amach anseo beidh an deis ag páistí i níos mó scoileanna blas a fháil de shaibhreas na Gaeilge. Agus ní amháin i gcás na Gaeilge, ach bíonn deis acu Spáinnis a fhoghlaim freisin, teanga álainn eile de chuid na hEorpa.
Mar Aire do gach páiste áfach, tá mé ag obair go dian le deis a thabhairt do pháistí i scoileanna Béarla le foghlaim faoi agus le sult a bhaint as an nGaeilge ag an gcéim is luaithe is féidir.
Creidim féin go bhfuil cuid mhór buntáistí ag baint lena bheith páirteach i suíomh tumoideachais freisin. Feictear dom go bhfuil an scothchleachtas i bhfeidhm sa tuaisceart maidir leis an luath-thumoideachas. Tá an tumchóras sin bunaithe ar an múnla rathúil idirnáisiúnta atá i bhfeidhm i gCeanada agus i dtíortha eile ar fud an domhain. I mo bharúil féin, tá sé tábhachtach go mbíonn páistí ábalta cumas sa Ghaeilge a fhorbairt chomh luath agus is féidir sula ndírítear ar an mBéarla. Ar an gcaoi sin, beidh na páistí níos sásta an Ghaeilge a labhairt in ainneoin go bhfuil saol an Bhéarla i réim thart timpeall orthu. Is léir, mar sin, go bhfuil an tumchóras seo níos éifeachtaí i gcothú agus i bhforbairt na Gaeilge go ginearálta.
Creidim go bhfuil foghlaim teanga ar cheann de na rudaí is nadúrtha dúinn mar dhaoine. Chonaic mé féin an taitneamh agus an lúcháir a bhaineann páistí as an bhfoghlaim seo. Agus nuair a labhraím le daoine gairmiúla, díograiseacha sna Gaelscoileanna ar fad, deir siad liom go bhfeiceann siad an rud céanna. Deir siad liom nach bhfuil amhras ar bith ann go bhfuil tairbhe an-mhór ann d’oideachas páistí a bhí ar naíscoil, go háirithe muna mbíonn ach Béarla ag teaghlach an pháiste sin. Bíonn páistí á dtumadh féin sa teanga agus iad ag foghlaim trí shúgradh agus trí chairdis a dhéanamh. Trí chaidrimh shóisialta agus mhothúchánach. D’éist mé go géar lena dúradh liom, agus tabharfaidh mé tacaíocht iomlán don obair iontach atá ar bun sna naíscoileanna. Cinnteoidh mé go dtugtar aitheantas ceart don dea-obair. Agus gabhaim buíochas le gach duine sna naíscoileanna a chuir go mór le fás agus le forbairt na teanga ar fud oileán na hÉireann.
Agus ní hé an luath-thumoideachas amháin atá tábhachtach ó thaobh foghlaim teanga de. D’fhoghlaim mé Fraincis ar an scoil ach níl mé líofa sa Fhraincis ar aon chor. D’fhoghlaim mé Spáinnis freisin, ach d’fhoghlaim mé an teanga sin agus mé i Meiriceá Laidineach agus mar sin de, bhí mé ábalta líofacht a bhaint amach mar go raibh gach duine timpeall orm ag labhairt sa Spáinnis. Léiríonn é seo an tábhacht a bhaineann le suíomh tumoideachais.
Nuair a bhíonn comhobair ar siúl againn ar an oileán seo, bíonn sé chun leas ár bpáistí ar fad. Is mar gheall air sin, go gcinnteoidh mé go ndéanfaidh mé an t-athrú is fearr is féidir, le feabhas a chur ar an gcóras oideachais. Faighim tairbhe agus inspioráid ón obair a dhéanann Gaelscolaíocht Éireann agus cuidíonn sé go mór liom agus mé ag iarraidh teacht ar an athrú is fearr.
Iarradh orm inniu mo bharúlacha a thabhairt daoibh ar thábhacht na comhoibrithe atá ar bun ar bhonn uile-oileáin anois. Bhuel, sílim go bhfuilGaelscolaíocht Éireann ag déanamh oibre ríthábhachtaí a chuirfidh le comhoibriú trasteorann. Obair a chruthaíonn nasc idir na sé chontae agus na contaethe atá in aice leis an teorainn. Is tús iontach é seo, agus is léir go dtugann sé an deis is fearr chun an buntáiste is fearr a fháil ó ghaireacht tíreolaíochta agus ó chosúlacht na gcanúintí.
Tríd seo a dhéanamh, tiocfaidh meascán daoine thart ar an mbord céanna, saineolaithe a bhfuil na scileanna agus an t-eolas sainiúil acu leis an eispéireas is fearr oideachais a chur ar fáil dár bpáistí.
Tá múinteoirí agus príomhoidí de dhíth orainn. Tá riarthóirí de dhíth orainn. Na daoine sin a fhorbraíonn acmhainní, agus a thugann oiliúint dár n-oideoirí, tá siad de dhíth orainn freisin. Tá ról ar leith ag na daoine seo i bhforbairt na hearnála. Ról fíor-thábhachtach a chomhlanaíonn róil na dtuismitheoirí.
Tuismitheoirí a bheidh ag iarraidh an saol agus an t-oideachas is fearr dá bpáistí. Tuismitheoirí a roghnóidh Gaelscolaíocht agus iad ag dréim go bhfuil na daoine gairmiúla seo ag déanamh a seacht ndíchill lena ról a chomhlíonadh chun tairbhe na bpáistí, is cuma cé acu atá siad ar an naíscoil, ar an mbunscoil, nó ar an meánscoil. Is sa réimse seo is féidir linn cuidiú leo siúd a chuidíonn leis an earnáil.
Luíonn sé le ciall má dhírítear ar na ceantair thart ar an teorainn ag an tús. Tá a fhios agam ón taithí atá agam, go bhfuil na daoine atá bainteach le hearnáil na Gaelscolaíochta chomh paiseanta céanna leis na tuismitheoirí. Is oideoirí agus teangeolaithe iad. Daoine atá léannta ach oscailte do smaointeoireacht úr. Agus bhí orthu breith oscailte mar go raibh mórán fadhbanna agus constaicí le sárú acu. Agus is mar gheall ar an oscailteacht, an díograis agus an tiomantas seo go bhfuil fás as cuimse tagtha ar an nGaelscolaíocht sa tuaisceart in ainneoin go bhfuil titim i líon na ndaltaí go ginearálta.
Tá earnáil na Gaelscolaíochta ag dul ó neart go neart. Gach bliain, bíonn níos mó páistí ábalta leas a bhaint as oidhreacht na Gaeilge, comhoidhreacht arbh fhéidir le gach duine a chéiliúradh. Agus tá rún daingean agam mo dhícheall a dhéanamh chun an fás iontach seo a chothú. Tá sé de dhualgas orm seo a dhéanamh mar go bhfuil níos mó tuismitheoirí ag roghnú Gaelscolaíochta dá bpáistí bliain i ndiaidh bliana. Sa bhliain dhá mhíle is a seacht, bhí breis agus trí mhíle páiste ag freastal ar ghaelscoileanna sa tuaisceart. Agus is cinnte go mbeidh ardú ar an bhfigiúr seo arís i mbliana. Ar an gcaoi seo, tá tuismitheoirí ag cur in iúl dúinn go bhfuil an obair atá ar bun againn in earnáil na Gaelscolaíochta chun tacaíocht a thabhairt dá bpáistí an-tábhachtach dóibh. Tá a fhios agam go gcuirfidh gach duine sa seomra seo sár-obair isteach chun é seo a dhéanamh. Agus is cinnte go bhfuil an méid sin tuillte ag ár bpáistí.
Is tréith í an tsolúbthacht smaointeoireachta den earnáil agus de dhaoine dátheangacha i gcoitinne agus tá a fhios agam go gcuimseoidh na ceachtanna atá le foghlaim an t-oileán ar fad. Creidim go bhfeicfimid go bhfuil dea-chleachtas le fáil i ngach gaelscoil. Dea-chleachtas arbh fhéidir a chomhroinnt. I gcásanna go bhfuil an dea-chleachtas ann, tá a fhios agam go ndéanfaidh oideoirí agus daoine gairmiúla iarracht foghlaim uaidh, macasamhail a dhéanamh de agus feabhas a chur air. Agus na rudaí atá foghlamtha acu a scaipeadh lena gcomhghleacaithe.
Ag an gcomhdháil seo inniu, cloisfimid ó aoichainteoirí a thabharfaidh léargas iontach dúinn ar obair luachmhar na hearnála. Tá spiorad na foghlama agus na comhroinnte le feiceáil go soiléir ina measc. Beimid níos eolaí inniu de bharr orthu, beidh oideachas ár bpáistí i bhfad níos saibhre, agus sílim go mbeidh siad féin níos saibhre as a saineolas a scaipeadh linn. Ba mhaith liom buíochas a chur in iúl do gach duine acu as an obair ríthábhachtach a dhéanann siad.
Mar Aire Oideachais sa tuaisceart bíonn neart deiseanna agam an dea-obair atá á déanamh in earnáil an oideachais a chéiliúradh. Ach bíonn níos mó i gceist le m’Aireacht ná ag céiliúradh an rud atá maith amháin. Tá go leor dúshlán ann freisin arbh éigean dom aghaidh a thabhairt orthu. Mar sin de, tá mé meáite ar an rud atá maith a chéiliúradh, agus tá mórán rudaí sa Ghaelscolaíocht atá maith. Agus tá mé meáite ar rudaí a dhéanamh níos fearr in aon chás gur féidir liom.
Feictear dom go mbeimid ábalta rudaí a dhéanamh níos fearr tríd an obair thábhachtach comhroinnte thar teorainn. Trí fhoghlaim a chur ar fáil ag baint úsáide as acmhainní ranga atá mion-oiriúnaithe do riachtanais na Gaeilge. Leabhair. Ríomhchláir. Agus spórt. Cuidíonn cluichí Gaelacha go háirithe, leis an timpeallacht tacaíochta sochtheangeolaíochta a fheabhsú, rud a chothaíonn agus a spreagann muinín ár bpaistí. Agus a chothaíonn a ngnóthachtáil dá bharr.
Ba chóir an tionscnamh “Gaelscolaíocht Éireann” a mholadh as a iarrachtaí leanúnacha i gcur chun cinn agus i bhforbairt na Gaelscolaíochta. Cuireann an tionscadal tábhachtach seo béim ar chomhoibriú daingean trasteorann – agus tá caidrimh láidre cothaithe acu le roinnt blianta anuas.
Is í oidhreacht gach duine ar an oileán seo í an Ghaeilge. Tá cuid mhór Preispitéarach ó thuaidh bródúil as an ról a bhí ag Gaeilgeoirí ón eaglais s’acu i gcaomhnú agus i bhforbairt na teanga. Ba mhaith liom todhchaí a fheiceáil ina mbeidh ról ag níos mó Preispitéarach arís eile. Le deireanas, chonacamar gníomhartha fiala agus flaithiúla ón bpobal aontachtach. Mar shampla, bhronn ministir áitiúil i gCromghlinn bíobla ar Ghaelscoil Ghleann Darach nuair a osclaíodh í i dá mhíle is a seacht. D’fhreastail Ard-Mhéara Bhaile Nua na hArda, ar bhall den DUP é, ar oscailt Gaelscoile nua i nGleann Ghormlaithe. Gura fada buan an dea-thoil sin.
Bíonn lúcháir orm i gcónaí nuair a thugaim cuairt ar scoil sa tuaisceart agus nuair a chuireann páistí fáilte romham i nGaeilge agus bíodh a fhios agaibh nach dtarlaíonn seo i nGaelscoileanna amháin. Beannaíonn páistí i scoileanna Béarla dom i nGaeilge go rialta agus dar liom, léiríonn é seo gur teanga í an Ghaeilge arbh fhéidir le cách bheith bródúil aisti agus a bhfuil tairbhí cultúrtha le tairiscint aici chomh maith.
Tá a fhios agam gur chuir Gaelscolaíocht Éireann tús le hobair thábahchtach chun dul i ngleic leis an gceist seo trí thaighde a rinneadh ar an gcaoi is feidir le Gaelscolaíocht dul i ngleic le fadhbanna an chiníochais agus an seicteachais. Is daoine fáilteacha oscailteacha iad Gaeilgeoirí. Agus tá a fhios agam agus muid ag dul chun cinn, go gcomhlíonfaidh Gaeilgeoirí a ról, a mhéid agus is féidir, le saibhreas agus sult na teanga a scaipeadh, agus lena tabhairt go ceantair nach bhfuil sí á labhairt iontu go fóill. Gleann Ghormlaithe chomh maith le Glinnte Aontroma. An Baile Meánach chomh maith le Baile Munna. Tá croíthe ag Gaeilgeoirí atá mór go leor le freastal orthu uile, ar mór acu ár gcomhoidhreacht.
Ba mhaith liom Gaelscolaíocht Éireann a mholadh as na céimeanna tábhachtacha ar chuir siad tús leo ar ár son. Céimeanna le Gaeilge a thabhairt do gach pobal. Pobail a bhfuil creidimh éagsúla acu. Agus pobail nach bhfuil creideamh ar bith acu.
Agus na daoine sin ar rugadh thar lear iad, a roghnaigh teacht chuig an oileán seo le saol níos fearr a thabhairt dóibh féin. Mar a d’imigh na mílte ón oileán seo sna blianta atá thart. Tá fáilte roimh chách i nGaelscoileanna. Agus bainfidh siad uile tairbhe as an teagasc ar ardchaighdeán atá ann sna Gaelscoileanna.
Tá oideachas ar ardchaighdeán riachtanach. Ba mhaith liomsa gach scoil a fheiceáil faoi bhláth, idir bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna, scoileanna Béarla agus Ghaelscoileanna. Tá páirt le glacadh againn ar fad agus muid ag iarraidh todhchaí sheasmhach agus rathúil a thabhairt dár bpaistí.
Tá athbhreithniú ar an nGaelscolaíocht ó thuaidh déanta ag mo Roinn. Bhí sé mar aidhm ag an athbhreithniú seo a chinntiú go dtugtar tacaíocht iomlán agus chuí don Ghaelscolaíocht mar chuid lárnach den chóras oideachais agus go mbíonn áit ag an nGaelscolaíocht i gcothú todhchaí gheal dár saoránaigh ar fad, todhchaí atá bunaithe ar chomhionannas.
Tá ionchais arda ag earnáil na Gaelscolaíochta. Bíonn súil in airde acu dóibh fein, i mbunú scoileanna, in ainneoin na ndeacrachtaí agus na gconstaicí ar fad a chuirtear roimpi. Bíonn na scoileanna seo ag súil le, agus go deimhin, faigheann siad níos mó ó na múinteoirí atá bríomhar, díograiseach agus seiftiúil, atá ag croílár na seomraí ranga.
Agus bíonn siad ag súil le tacaíocht ón gcóras oideachais, agus an ceart acu, lena ndualgais féin a chomhlíonadh. Beidh mé ag féachaint leis chun a dheimhniú go bhfuil gach rud á dhéanamh, arbh fhéidir a dhéanamh.
Ag féachaint le teacht ar an dea-chleachtas cibé áit ina bhfuil sé ann. Tá lúcháir orm a fheiceáil go bhfuil naisc á gcruthú lenár gcomhghleacaithe sa Bhreatain Bheag agus in Albain. A bhfuil comhspriocanna agus comhdhualgais acu. Ag iarraidh a dteangacha dúchais féin a chaomhnú agus a chur chun cinn mar sheoid atá chomh ábharta sa lá atá inniu ann agus a bhí san am atá thart. Tá cuid mhór le foghlaim ó na daoine seo, a mbíonn na dushláin chéanna acu agus atá againn. Agus tá a fhios agam go bhfuil go leor le roinnt againn, agus le bheith bródúil as. Chomh maith lena bheith ag foghlaim go fonnmhar, beimid sásta ár ndea-chleachtas féin a roinnt leo. Tá mé ag dréim go mór le tairbhí eispéiris na hAlban agus na Breataine Bige bheith á roinnt idir ár bpobail foghlama.
Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do chách as a n-iarrachtaí go dtí seo agus guím gach rath oraibh uile amach anseo. Tréaslaím an fuinneamh agus an tiomantas atá le sonrú sa seomra seo. Tá a fhios agam go dtiocfaidh sibh ar bhealaí le comhoibriú, leis an oideachas is fearr a chur ar fáil dár bpáistí. Agus is cinnte gur tionscnamh é seo a dtig linn bheith bródúil as.
Go raibh maith agaibh.