Iontaobhas na Gaelscolaíochta (InaG) provides new mobile facilities for Gaelscoil na gCrann, Omagh. InaG provided a classroom and outdoor play area for Gaelscoil na gCrann, the first bunscoil in Omagh. InaG has also been helping Naíscoil na gCrann, since it was established in 2003. Three years lateer Gaelscoil na gCrann opened and in September 2006 it was recognised by the Department of Education and awarded grant-aided status. Seán Mac Giolla Fhiondáin, head teacher at the Gaelscoil expressed his delight on behalf of all involved,

OD2

“We’re extremely appreciative of the help given by InaG and indeed we will be seeking their help a bit longer. Not only are they keen to help but they are also very informed about all aspects of Irish-medium schooling and access to funding. They have been crucial to the success of this school and indeed to the success of the Naíscoil as well.”

Iontaobhas na Gaelscolaíochta wishes Seán all the best in his work and the same for the future of Irish-medium education in the Greater Omagh area.


Cuireann Iontaobhas na Gaelscolaíochta áiseanna úra soghluaiste ar fáil do Ghaelscoil na gCrann, ar an Ómaigh, Co Thír Eoghain. Sholáthair Iontaobhas na Gaelscolaíochta seomra ranga agus áit shúgartha do Ghaelscoil na gCrann, an chéad bhunscoil lan-Ghaeilge ar an Ómaigh.

Chomh maith le bheith ag cuidiú leis an Ghaelscoil bhí an tIontaobhas ag tacú le Naíscoil na gCrann ó cuireadh ar bun sa bhliain 2003 í.

Trí bliana ina dhiaidh sin, osclaíodh Gaelscoil na gCrann agus thug An Roinn Oideachais aitheantas di Meán Fómhair 2006. Chiallaigh sé sin go mbronnfaí stádas deontaschúnta ar an scoil.

OD2

Labhair Príomhoide na scoile, Seán Mac Giolla Fhiondáin leis an Iontaobhas lena mbuíochas a ghabháil:

“Táimid uilig an-bhródúil as a bhfuil bainte amach go dtí seo agus táimid uilig fíorbhuíoch as an tacaíocht agus as an chuidiú a thug Iontaobhas na Gaelscolaíochta dúinn.”

Lean Seán leis: “Cinnte, beidh cuidiu an Iontaobhais de dhíth amach anseo nó tá siad breá eolach ar an Ghaelscolaíocht agus ar chúrsaí maoinithe, rud a léirigh siad le linn dóibh a bheith ag cuidiú linne. Gan tacaíocht agus chuidiú Iontaobhas na Gaelscolaíochta ní bheadh Gaelscoil na gCrann agus Naíscoil na gCrann ann!”

Guíonn Iontaobhas na Gaelscolaíochta gach rath ar obair Sheáin agus ar thodhchaí na Gaelscolaíochta i gceantar na hÓmaí.