Rachaidh Gaeilgeoirí Bhéal Feirste i gcomhar le tiomsaitheoir airgid as Bostún le hinstealladh de shábháil Mheiriceá a thabhairt chuig gnó thiomsú an airgeadais do Ghaelscoileanna sa Tuaisceart.
Sé mhí ó shin cheap an comhlacht maoinithe Gaelscoileanna, Iontaobhas na Gaelscolaíochta, i dtionscnamh radacach, a chéadbhainisteoir tiomsaithe airgid, Réamaí Mathers.

Lean Réamaí air ag giniúint agus ag méadú tabhartas poiblí don Iontaobhas ach thriail sé fosta don chéad uair riamh dul a phlé le daonchairde agus deontóirí saibhre a mbeadh suim acu cuidiú le Gaelscoileanna.

Bhí na torthaí mórthaibhseach, le £600,000 geallta sa chéad tréimhse. Ach, ó shocraigh sé ar sprioc an-aidhmeannach thiomsú £20m sna 10 mbliana romhainn chun fanacht cothrom leis an éileamh síormhéadaitheach ar Ghaelscolaíocht, chinn Réamaí go n-iarrfadh sé cuidiú ar chara Meiriceánach leis. Mar níl aon dream is éifeachtaí a thiomsaíonn airgead ná na Meiriceánaigh. In SAM, baile dúchais an tiomsaitheoir airgid, tá níos mó daonchairde agus deontóirí ná in aon tír eile ar domhan. Agus tá beagnach 40 bliain taithí i dtiomsú an airgid ag cara Réamaí, Bob Corcoran as Bostún.

Gael-Mheiriceánach é Bob, a chuir a chomhlacht féin tiomsú airgid ar bun i mBostún 36 bliain ó shin agus ón am sin tá sé ag obair ar phleanáil, bhainistíocht agus sholáthar a lán conarthaí ilmhilliún dollar dá chuid cliant. Tá an gnó ar bharr na méar aige, saineolas agus géarchúis aige a fhágfas sé faoi réir ag Iontaobhas na Gaelscolaíochta. Ní dhéanfaidh Bob féin aon deonú ach beidh sé ina chomhairleoir ag tiomsaitheoir airgid Iontaobhais, Réamaí.

“Is mór an spreagadh é don Iontaobhas go gcuirfidh Bob a shaineolas ar fáil dúinn,” dúirt Réamaí le Andersonstown News.

“Ní amháin go bhfuil scoth na teiste air in aimsiú tabhartas ilmhilliún ach tá dlútheolas gan sárú aige ar conas déileáil le deontóirí móra agus daonchairde. Baineann tiomsú airgid le cineál uathúil cairdis, á thógáil le híogaire. Baineann sé le daoine muinín a chur i bhfís agus i sprioc daoine eile le gur mhaith leo bheith páirteach san aisling.
“Is breá liom go dtabharfaidh Bob leibhéal breise eolais, gairmiúlachta agus samhlaíochta chun na hoibre atáimid a dhéanamh.”

Ceachtartha atá an díograis. Tá saoránacht Éireannach ag Bob nó ba Éireannaigh iad a sheantuismitheoirí agus tá a mhian chun cuidiú leis an Iontaobhas fréamhaithe ina oidhreacht Éireannach. Toradh í fosta ar a dháimh le forais neamhbhrabúis, ó d’oibrigh sé le 36 bliain anuas le hospidéil, iarsmalanna, leabharlanna, ealaíona, láithreáin stairiúla, scoileanna, cumainn reiligiúin, forais óige agus timpeallachta.

“Ábhar mór spéise agam an Gaeloideachas,” deir sé. “Feictear dom gurb é an cineál ruda é ar mhaith liom cuidiú leis, an sórt tionscnaimh a tharraingeodh a lán deontóirí. Baineann sé le daoine ag comhoibriú ar mhaithe le saol níos fearr a chinntiú dá gcomhdhaoine, ar bhonn áitiúil agus náisiúnta, tríd an oideachas agus a n-eascraíonn as an dea-oideachas, féinurraim, tógáil carachtair, foirfeacht acadúil agus tógáil pobail.

“Agus sa chás seo ar ndóigh, is mór an cuidiú é don duine óg an dátheangachas a fháil go luath sa saol.”
Gné amháin d’fheachtas thiomsú airgid an Iontaobhais é mealladh na mórthabhartas, ach tá an feachtas fosta ag tarraingt daoine a bhfuil suimeanna is lú ná sin le tabhairt acu.

Le bliain anuas mhéadaigh líon na dtabhartas poiblí faoi 500%. Agus tá an tIontaobhas muiníneach go dtig leanúint le fuinneamh. Dea-scéala é do gach duine bainteach agus do pháistí sna Gaelscoileanna go háirithe, nó is iad féin sa deireadh thiar a bheas thuas le tabhartas poiblí nó príobháideach d’Iontaobhas na Gaelscolaíochta.