SNV30231NEW

 

Scríobh Simon Doyle, Comhfhreagraí Oideachais leis an Irish News, go sroicheann páistí sa tumoideachas Gaeilge na caighdeáin chéanna le páistí in oideachas trí mheán an Bhéarla. Léirigh taighde a rinneadh sa deisceart gur féidir forbairt scileanna léitheoireachta Gaeilge a fháil gan dochar a dhéanamh don litearthacht sa Bhéarla. Rinne acadúlaithe as ONÉ Maigh Nuad measúnú ar pháistí ó thrí aoisghrúpa i nGaelscoileanna agus i scoileanna Béarla. Scrúdaíodh go haonarach iad uilig i meán theanga na scoile agus fosta, cuireadh ina láthair leaganacha Gaeilge agus Béarla de thascanna. Ar chéim ‘páistí sinsearacha’ (dara bliain) bhí na páistí i scoileanna Béarla beagán chun tosaigh ar pháistí Gaelscoileanna. Ach, ar shroicheadh rang a ceathair do na páistí, ní fhacthas aon difear idir páistí meán Béarla agus meán Gaeilge. Fáiltíonn Iontaobhas na Gaelscolaíochta (InaG) roimh na torthaí. Dúirt an Dr Réamaí Mathers (InaG) go bhfuil fáilte roimh na torthaí ach nach ábhar iontais iad. “Léiríonn an obair seo arís an tábhacht agus an gá atá le dea-thaighde agus is tráthúil a tháinig sé agus athbhreithniú idir lámha ar an Ghaeloideachas sa tuaisceart,” ar seisean. “Bhí míthuiscint ar roinnt saineolaithe oideachais go dtig le sealbhú nádúrtha an dara teanga bac a chur ar shealbhú an Bhéarla, sa chás s’againne. Is léir nach fíor sin. Léiríonn an taighde reatha seo, páistí a fuair oideachas an chéad uair i nGaeilge agus ansin i mBéarla mar dhá theanga luachmhara, go gcruthóidh siad go maith sa da cheann.” Tá earnáil an Ghaeloideachais dar leis, óg agus ag síorfhás. “Is cosúil go mbíonn páistí a théann trí Ghaelscoileanna i dtimpeallacht bhuachana agus go bhfaigheann siad oideachas críochnúil agus dhá theanga,” dúirt sé.