Ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár gcustaiméirí uilig as an tacaíocht dhílis a thugann siad do TACA le blianta anuas agus a dhéanann cinnte go bhfuil na hacmhainní againn leis an earnáil Ghaeilge a neartú.
TACA an focal oibríoch agus is dóigh phraiticiúil éifeachtach é le tacaíocht a léiriú don obair atá á déanamh leis an teanga Ghaeilge a chur chun cinn. Téann an t-airgead uilig a thógann TACA chun tacaíochta Gaelscoileanna.
Is iad na príomhdhóigheanna a dtiomsaíonn TACA airgead:
* Bocsaí Bailiúcháin – atá lé fáil ina lán gnólachtaí ar fud Bhéal Feirste
* Scríobchártaí – a dhioltar ó dhoras go doras i mBéal Feirste
* Scéim Síntiús – a ligeann do dhaoine airgead a bhronnadh ar dhóigh cháinéifeachtúil
* Gaelic Telecom – páirtíocht leis an chomhlacht gutháin a thiomsaíonn airgead do TACA
Nasc tábhachtach é TACA a chuireann ar a gcumas siúd inár measc a bheadh ag iarraidh tacú leis an Ghaeilge, sin a dhéanamh. Tá gach mír sóinseála a chuirtear sa bhocsa bailiúcháin agus gach scríobchárta a dhíoltar, ag cuidiú leis an bhonneagar a thógáil a fhágfas an teanga Ghaeilge i riocht maireachtála agus rathaithe san 21ú hAois.
Mura bhfuil bocsa TACA ar taispeáint sa siopa nó sa teach leanna áitiúil, fiafraigh den bhainisteoir cén fáth. Gabh i dteagmháil linn ansin agus iarrfaimid orthu deis chun tacú leis an teanga a thabhairt dá gcustaiméirí.
Is é an príomhsmaoineamh taobh thiar de TACA agus, leoga, taobh thiar de rath athbheochan na Gaeilge, smaoineamh na féinchabhrach. Páirteachas na cosmhuintire ba chúis le rath ghluaiseacht na Gaelscolaíochta go háirithe, agus mian na bpobal bheith páirteach ina n-oidhreacht féin chultúrtha agus sin a chur in iúl. Ba chóir don rialtas tacú leis an mhian sin de réir cirt, ach caithfimuid féin mar phobal agus mar dhaoine aonair tacú léi.
Baineann sé le roghanna a dhéanamh. Más mór agat an teanga Ghaeilge agus más tábhachtach agat í, ba chóir duit tacú le TACA.
Beir bua,
Séamus Mac Seáin,
Cathaoirleach TACA