Gheall Iontaobhas na Gaelscolaíochta níos mó ná £1.5 milliún i ndeontais cheana féin i mbliana ach mar a dúirt an Bainisteoir Thiomsú Airgid (Dr Réamaí Mathers),

“Tá muid sásta ach tá neart eile le déanamh le cinntiú go bhfuil an oiread deiseanna agus is féidir a bheith ag pobal na Gaeilge.  D’fhonn a bheith ag cur leis na deiseanna sin tá scéim nua tosaithe ag an eagraíocht ar a dtugtar An Scéim Scoilphobail”.

Lean sé leis,

“Is í cúis na scéime seo ná gaelscoileanna agus na pobail thart timpeall orthu a bheith ag smaoineamh ar an Ghaeilge a leathnadh lasmuigh den scoil agus dúshraith a leagan síos a thabharfaidh tacaíocht do naíscolaíocht, seirbhísí teaghlaigh agus seirbhísí pobail eile.  Más amhlaidh go bhfuil muid ag iarraidh pobal labhartha Gaeilge a chothú bunaithe ar dhea-obair na ngaelscoileanna, tá sé riachtanach go bhfuil na seirbhísí breise seo ann!”.

Tugann An Scéim Scoilphobail slí don phobal logánta airgead a thiomsú trí ordú seasta le go mbeidh ioncam fadthéarmach ag an ghrúpa le seirbhísí breise a sholáthar.

Tá an scéim tosaithe i ndá cheantar, An Chorr Chríochach i gContae Thír Eoghain agus Caisleán Uidhlín i gContae an Dúin.   Tá an dá phobal seo ag iarraidh an scéim a húsáid le go gcuirfí le seirbhísí teaghlaigh, le seirbhísí réamhscolaíochta, le cúrsaí iarscoile agus ranganna do dhaoine fásta.  Chríochnaigh Réamaí,

“Tá muid uilig in earnáil na Gaeilge ag obair in aon threo amháin,  i dtreo pobail labhartha Gaeilge a bhunú agus a láidriú.  Tá seirbhísí éagsúla d’ardchaighdéan de dhíth ar na pobail seo agus tá sé riachtanach go gcuirfear ar fáil iad.  Molann Iontaobhas na Gaelscolaíochta díograis agus diongbháilteacht an dá phobal seo le ciste a chur ar fáil agus beidh muid leo an bealach ar fad”.

Le tuilleadh eolais ar an Scéim Scoilphobal,  Gabh i dteagmháil le :
Réamaí Mathers
Bainisteoir Thiomsú Airgid  /  Fundraising Manager
Iontaobhas na Gaelscolaíochta
199 Bóthar na bhFál
Béal Feirste
BT12 6FB
Guthán / Phone:+44(0)28 9024 1510
Facs / Faxs: +44(0)28 9023 9520

2.  R.phost  /  Email: reamai.mathers@gmail.com

Website: www.iontaobhasnag.com

or www.Irishmediumtrust.com

 

 

Siar go barr