Bhí seimineár dearfach ceannródaíoch in Iúr Cinn Trá, i nOstán Canal Court an tseachtain seo caite ag Gaelscolaíocht Eireann.  Is comhthionscadal de chuid Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Comhairle na Gaelscolaíochta ó thuaidh agus Gaelscoileanna ó dheas Gaelscolaíocht Eireann. Bhí ionadaíocht na móreagraíochtaí gaelscolaíochta ar fud na tíre i láthair.
Seoladh Páipéar Thaighde i dtaobh cúrsaí athmhuintearais – frithchiníochas agus frithsheicteachas ar an lá. Labhair daoine éagsúla ag an Seoladh ar théamaí ábhartha. D’fhreastail timpeall is 30 duine ó chúlraí difriúla ar an seimineár agus pléadh mórthorthaí an pháipéir le linn na gceardlanna a lean óráidí na n-aoichainteoirí.

I measc na n-aoichainteoirí a bhí i láthair bhí An Dr Gordon McCoy, Iontaobhas Ultach, eagraíocht trasphobal a labhair ar ról agus ar obair an Iontaobhais.  An Dr Stephen Nolan, Trademark, eagraíocht atá cleamhnaithe leis an ICTU a rinne cur i láthair ar mhórthorthaí an pháipéir thaighde agus a leathnaigh ar roinnt de na pointí úd.  An Dr Feilim Ó hAdhmaill, Léachtóir i bPolasaí Sóisialta i nOllscoil Chorcaigh a labhair ar an chomhthéacs stairiúil coilíneach na mionteangacha agus rinne sé tagairt ar leith don Ghaeilge. An tUasal Glen Phillips, duine atá gníomhach i gcúrsaí frithchiníochais agus i bhfeachtais dhlúthpháirtíochta idirnáisiúnta a labhair óna thaithí féin faoi na dúshláin agus na cúinsí éagsúla atá roimh mhionlaigh eitneacha ag teacht go hÉirinn dóibh.

Ba é príomhtheachtaireacht an tseimineáir ná go bhfuil agus go mbeadh ar earnáil na gaelscolaíochta ar fud na tíre tabhairt faoi na dúshláin nua seo agus na cúinsí nua seo i sochaí na hÉireann. Glacadh leis go bhfuil sochaí na tíre ag athrú in aghaidh an lae agus go mbeadh cur chuige ar dhóigh níos eagraithe agus níos réamhghníomhaí de dhíth ar earnáil na gaelscolaíochta le go bhféadfaí an earnáil a bheith níos iniataí do na mionlaigh eitneacha agus do phrotastunaigh an tuaiscirt ach go háirid.