Aontaíonn an RO Gaeloideachas i gClann Ghormlaithe, i gCroimghlinn agus i nDoire

D’fháiltigh Príomhfheidhmeannach Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Pilib Ó Ruanaí, roimh chinneadh an Roinn Oideachais stádas deontaschúnta a bhronnadh ar bhun-Ghaelscoileanna i gClann Ghormlaithe, i gCroimghlinn agus i mBaile Mhic Rabhartaigh, Doire.
Ag labhairt dó i ndiaidh na fógartha gur aontaíodh maoiniú do thrí Ghaelscoil, dúirt Pilib:

“Dearbhú dearfach é seo ar thacaíocht na Roinne d’earnáil mheán na Gaeilge. Léiriú fosta é ar an mhéadú leanúnach san éileamh ar an Ghaeloideachas ar fud an Tuaiscirt. Tá an Gaeloideachas ríthábhachtach i gcruthú pobail Ghaeilge. Pobail a bhfuil an Gaeloideachas ina gcroílár, is leo amháin a éireoidh an t-athrú a dhéanamh ó thacú leis an Ghaeilge go húsáid na Gaeilge. Céim stairiúil í seo san aistear sin do theaghlaigh i gceantar Chlann Ghormlaithe, Chroimghlinne agus Bhaile Mhic Rabhartaigh.”
Lean sé air gur mhol sé iarrachtaí na ndaoine sin a ghabh príomhpháirt i mbunú an Ghaeloideachais sna trí cheantair, agus san áireamh, daoine sna pobail áitiúla a thug na céadchéimeanna ríthábhachtacha i mbunú sholáthar na réamhscolaíochta Gaeilge.
Ghríosaigh sé tuismitheoirí i gceantar Chlann Ghormlaithe, Chroimghlinne agus Bhaile Mhic Rabhartaigh leanúint ag cur a bpáistí ar an Naíscoil áitiúil, agus dúirt dá gcuirfeadh siad na páistí ar na bunscoileanna nuamhaoinithe, go mbeadh siad ag tógáil páirte i gcruthú na céadghlúine Gaeilgeoirí sna ceantair seo ó d’éag an teanga mar uirlis chumarsáide go luath san 19 ú hAois.

Gaelscoil Ghleann Darach, Bóthar Lann Abhaigh, Croimghlinn, in 2002 a bunaíodh í tar éis bhunú réamhscoile Gaeilge sa cheantar in 2001.

Tá Gaelscoil Éanna, bun-Ghaelscoil i gClann Ghormlaithe, suite ag CLG Naomh Éanna ar Bhóthar an Ardbhaile agus tosóidh sí ar an chéad bhliain i Meán Fómhair 2007. Bunaíodh naíscoil ar an suíomh céanna in 2004.

Gaelscoil na Daróige i gceantar Bhaile Mhic Rabhartaigh Dhoire Cholm Cille, is ceann amháin í de thrí bhunscoil Ghaeilge sa chathair agus bunaíodh í in 2005.

Tá earnáil shíormhéadaitheach na Gaelscolaíochta anois ag riar ar bhreis agus 4,000 páiste ar fud Thuaisceart na hÉireann ar leibhéal réamhscoile, bunscoile agus iar-bhunscoile. Faoi láthair, tá 77 scoil ar fud Thuaisceart na hÉireann a thairgeann Gaeloideachas.